portal_normal EE STRUCTURE orgcat: /PUBLICATIONS/EE-ECHO/LIFE

portal_normal PUBLICATION STRUCTURE cat: /publications/ee-echo/life

portal_normal CATEGORY STRUCTURE category: /PUBLICATIONS/EE-ECHO/LIFE

portal_normal STRUCTURE section: life

portal_normal getURLCurrent: /web/eveningecho/life/detailedstory?p_p_id=DetailedStory_WAR_portalsuite&p_p_lifecycle=0&_DetailedStory_WAR_portalsuite_arg_detailstory_uuid=5dbd8a5a-43cc-4aeb-9f11-0d175d0b51a1

portal_normal getPortalURL getURLCurrent: http://www.eveningecho.ie./web/eveningecho/life/detailedstory?p_p_id=DetailedStory_WAR_portalsuite&p_p_lifecycle=0&_DetailedStory_WAR_portalsuite_arg_detailstory_uuid=5dbd8a5a-43cc-4aeb-9f11-0d175d0b51a1

portal_normal getPortalURL: http://www.eveningecho.ie

portal_normal domain: http://www.eveningecho.ie

STRUCTURE EE_062016_general_layout.tpl - url: /life/Cuimsionn-ostlannaithe-spiorad-an-Dr-O-Loingsigh-5dbd8a5a-43cc-4aeb-9f11-0d175d0b51a1-ds

STRUCTURE EE_062016_general_layout.tpl - section: life

STRUCTURE EE_062016_general_layout.tpl - orgcat: orgcat = /PUBLICATIONS/EE-ECHO/LIFE

An Dr Dómhnall Ó Loingsigh, fear gnó, dochtúir agus Gaeilgeoir.
An Dr Dómhnall Ó Loingsigh, fear gnó, dochtúir agus Gaeilgeoir.
SOCIAL BOOKMARKS
Share to Facebook Share to Twitter Mail

Cuimsíonn óstlannaithe spiorad an Dr Ó Loingsigh

AN tseachtain seo chugainn bronnfar gradam ag comóradh an spiorad ceannródaíoch an dochtúir agus fear ghnó Mhúscraí a rugadh 175 bliain ó shin ar bheirt fiontraithe an lae inniu atá ag leanúint ina chois chéimeanna.

Beidh úinéir óstáin agus bunaitheoir grúdlainne Don Ó Laoire agus a bhean chéile Gobnait ar fhaighteoirí na bliana seo de Gradam an Dochtúir Ó Loingsigh, a dhéanann comóradh i ndíl chuimhne gníomhaí pobail agus físí cultúrtha an Dr Dómhnall Ó Loingsigh.

Rugadh an Dr Ó Loingsighi gCúil Aodha sa bhliain 1842 agus ba hilghnéitheach ildaite an daol a bhí aige, lena n-áirítear seal a chaith sé ag troid sa chogadh Franc-Phrúiseach agus monarcha cniotála, bácús agus aonach beostoic á bhunú aige ina cheantar dúchais.

Ag trácht dóibh ar Don agus Gobnait Uí Laoire, úinéirí An Muileann i mBaile Mhúirne, deir lucht eagraithe an ghradaim “go gcuimsíonn siad spiorad nua-aimseartha agus idéil an Dochtúra Uí Loingsigh atá imithe ar shlí na fírinne”.  Chuir Don Ó Laoire, ceoltóir traidisiúnta, le chuid éachtaí gnó sa bhliain 2014 nuair a d’imigh sé i mbun gnó le hinnealtóir Gordon Lucey chun grúdlann beoir cheirde Fia Bán a bhunú i mBaile Mhúirne.

Dúirt urraitheoir an ghradaim Jerry Lynch, sin-gar-nia de chuid an Dochtúra Uí Loingsigh, i dtaca leis na buaiteoirí: “Tá an spiorad ceannródaíoch a bhíodh aige léirithe acu ina gcuid tóraíochta gnó agus cultúrtha, lena ngnóthaí áitiúla á bhfás acu chun freastal ar chustaiméirí i nGaeltacht Mhúscraí níos leithne agus níos faide ó bhaile, mar aon le fostaíocht a sholáthar don phobal áitiúil céanna.  “Ar bhonn cultúrtha, tá timpeallacht an cheoil traidisiúnta áitiúil á chur chun cinn go díograiseach acu.” 

Seoladh Gradam an Dochtúir Ó Loingsigh sa bhliain 2015 chun comóradh a dhéanamh ar spiorad fiontraíochta agus meon réamhghníomhach an dochtúra agus go dtí seo tá an gradam bronnta ar Seán Ó Liatháin agus a dheartháir Dónal Ó Liatháin atá imithe ar shlí na fírinne, ó Óstán an Rochestown Park, agus Peadar agus Máirín Uí Lionáird ó Folláin.

Bronnfar gradam na bliana seo sa lárionad cultúrtha atá ainmnithe i ndíl chuimhne an dochtúra, Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, le linn an chomórtha bliantúil ina onóir ar an Sathairn, 30ú Meán Fómhair.

I dteannta lena chuid éachtaí gnó, chaith an Dr Ó Loingsigh seal mar Zouave an Phápa sa Róimh, ag obair ar na bóithre iarainn i Nua Eabhrac agus an fuadar óir sna Sléibhte Creagacha, roimh fhilleadh ar Chorcaigh chun an leigheas a staidéar agus bheith ina dhochtúir i mBaile Mhúirne.

Bhí an Dr Ó Loingsigh gníomhach go maith i gcúrsaí Gaeilge agus cultúir, bhunaigh sé halla pobail i mBaile Mhúirne ar mhaithe le héascú a dhéanamh ar ócáidí Gaeilge, rince agus ceoil; thionscain sé an chéad Feis Bhaile Mhúirne, agus mar bhall de choiste feidhmiúcháin Chonradh na Gaeilge, chabhraigh sé chun 11 craobh den chonradh a bhunú i Múscraí.

Tabharfaidh an comóradh léargas ar oidhreacht chultúrtha an dochtúra, agus roimh an oscailt oifigiúil ar a 2:30in beidh an comórtas amhránaíochta ar an sean-nós do Chorn Cuimhneacháin Dhómhnaill Uí Loingsigh agus Corn Uí Fhlannagáin d’amhráin nuachumtha.

Tar éis óráid tosaigh ón gcumadóir Peadar Ó Riada, beidh léacht dhátheangach á thabhairt ag aistritheoir agus comhairleoir Gaeilge UCC, Cormac Ó hAodha, agus beidh taispeántas ar shaol agus saothar an dochtúra ar crochadh san Ionad Cultúrtha le linn na deireadh seachtaine chomh maith.

Dúirt Reidin Lynch ón gcoiste eagraíochta go raibh an Dr Ó Loingsigh i gcaitheamh a shaol “de shíor ag tabhairt faoin nGaeilge agus an cultúr Gaelach a fheabhsú agus a chur chun cinn ar bhonn oideachais agus sóisialta araon – thóg sé halla pobail agus is air féin a thit an costas sin.

“Agus i ndáiríre fear i bhfad roimh a am ba ea an Dochtúir Ó Loingsigh agus tá sé thar a bheith oiriúnach go bhfuilimid ag cuimhneamh air arís eile, ina bhaile dúchais, i measc a shliocht féin agus sliocht a sleachta, baill de mhuintir Loingsigh agus an pobal áitiúil.” 

* drlynchballyvourney.ie


Comórtais sean-nóis agus cumadóireachta

 BEIDH clarú don chomórtas amhránaíochta ar an sean-nós do Chorn Cuimhneacháin Dhómhnaill Uí Loingsigh, agus an comórtas d'amhráin nuachumtha do Chorn Uí Fhlannagáin ar siúl ar a 12.30in ar an Satharn, 30ú Meán Fómhair, roimh thús na gcomórtas ar a 1in.

Tabharfar cuireadh do na buaiteoirí a n-amhrán a chasadh i ndiaidh an léachta mar chuid de Chomóradh an Dochtúra Uí Loingsigh san Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne.