portal_normal EE STRUCTURE orgcat: /PUBLICATIONS/EE-ECHO/LIFE

portal_normal PUBLICATION STRUCTURE cat: /publications/ee-echo/life

portal_normal CATEGORY STRUCTURE category: /PUBLICATIONS/EE-ECHO/LIFE

portal_normal STRUCTURE section: life

portal_normal getURLCurrent: /web/eveningecho/life/detailedstory?p_p_id=DetailedStory_WAR_portalsuite&p_p_lifecycle=0&_DetailedStory_WAR_portalsuite_arg_detailstory_uuid=e0abe578-0a5b-472b-b29b-32d46b0fa7c7

portal_normal getPortalURL getURLCurrent: http://www.eveningecho.ie./web/eveningecho/life/detailedstory?p_p_id=DetailedStory_WAR_portalsuite&p_p_lifecycle=0&_DetailedStory_WAR_portalsuite_arg_detailstory_uuid=e0abe578-0a5b-472b-b29b-32d46b0fa7c7

portal_normal getPortalURL: http://www.eveningecho.ie

portal_normal domain: http://www.eveningecho.ie

STRUCTURE EE_062016_general_layout.tpl - url: /life/Dluthdhiosca-do-Marymount-a-sheoladh-in-onoir-do-Dhiarmuid-e0abe578-0a5b-472b-b29b-32d46b0fa7c7-ds

STRUCTURE EE_062016_general_layout.tpl - section: life

STRUCTURE EE_062016_general_layout.tpl - orgcat: orgcat = /PUBLICATIONS/EE-ECHO/LIFE

Diarmuid O’Connell lasmuigh d’Ospís agus Ospidéal Ollscoile Marymount. Beidh seoladh iarbháis a dhlúthdhiosca nua ar siúl an Aoine seo in Óstán an Riverside Park, Maigh Chromtha.
Diarmuid O’Connell lasmuigh d’Ospís agus Ospidéal Ollscoile Marymount. Beidh seoladh iarbháis a dhlúthdhiosca nua ar siúl an Aoine seo in Óstán an Riverside Park, Maigh Chromtha.
SOCIAL BOOKMARKS
Share to Facebook Share to Twitter Mail

Dlúthdhiosca do Marymount á sheoladh in onóir do Dhiarmuid

IS mór an trua nár mhair Diarmuid O’Connell le bheith i láthair ag seoladh an dlúthdhiosca ar a chaith sé míonna deireanacha a shaoil i mbun oibre.

Ach bhí sé go hiomlán tugtha a chinntiú go gcríochnódh sé an taifeadadh ar ‘The Songs I Used to Sing: Volume 2’ in ainneoin an drochshláinte aige, ach go seolfaí an dlúthdhiosca is cuma más rud é go mbeadh nó nach mbeadh sé i láthair chuige.

Ní raibh dabht ar bith dá réir in aigní muintir agus cairde an amhránaí ach go gcaithfí leanúint ar aghaidh le hócáid na hAoine seo ar son Ospís agus Ospidéal Ollscoile Marymount, in ainneoin úire a mbróin ón uair a cailleadh Diarmuid 12 lá ó shin.

Thaifead Diarmuid, a tháinig ó Chill na Martra ó dhúchas, a chéad dhlúthdhiosca, ‘The Songs I Used to Sing’ sa bhliain 2016 agus roinn sé an t-airgead ó dhíolachán an dlúthdhiosca sin agus oíche sheolta rathúil idir Ospidéal Pobail Mhaigh Chromtha agus áis St Colman’s House an bhaile.

Toisc go raibh cónaí air i Marymount le bliain anuas, bhí Diarmuid, d’aois 56, tiomanta a chuid measa agus buíochais a thaispeáint don chúram a fuair sé ann, leis an dara dlúthdhiosca dá amhráin is fearr a thaifeadadh mar thogra bailithe airgid don áis.

Dúirt a dheirfiúr Nora: “Tá sé á dhéanamh do Marymount agus bhí sé mar mhian aige, is cuma más rud é go raibh sé ann nó nach raibh, go leanfaí ar aghaidh leis an togra. Sin a bhí ag teastáil uaidh.” Tá an dlúthdhiosca nua mar thogra bailithe airgid agus mar oidhreacht bheo d’fhear a bhí timpeallaithe ag amhráin i gcaitheamh a shaoil.

“Bhíodh sé de shíor ag canadh. Tógadh leis an amhránaíocht é agus bhíodh cion aige i gcónaí ar a bheith ag casadh amhráin. Bhíodh an raidió i gcónaí lasta sa tigh,” a dúirt Nora, ag tagairt don amhrán ‘The Claddagh Ring’ mar cheann de na cinn ab fhearr lena dheartháir óna óige i leith.

Cosúil lena chéad dlúthdhiosca, ar an taifead nua tá amhráin i nGaeilge agus i mBéarla araon, iad bailithe i gcaitheamh saoil i gcroílár na hamhránaíochta i gceantar Mhúscraí.

In agallamh don Evening Echo ar sheoladh an dlúthdhiosca ‘The Songs I Used to Sing’, dúirt Diarmuid: “Táim ag canadh chomh fada agus is cuimhin liom, mar bhíodh an tigh againn i gcónaí lán de cheol agus amhránaíocht.” Tógadh Diarmuid agus a sheisear deartháireacha agus deirfiúracha ag éisteacht le hamhránaíocht a máthar, Nan Hoare i mbaile fearainn Lios Buí. “Sheinnfeadh mo mháthair an fhidil agus amhránaí álainn ba ea í. Bailitheoir iontach amhrán ba ea í chomh maith agus bhídis á scríobh síos aici agus í ag tabhairt amach dúinn toisc nach mbídís á bhfoghlaim againn!” a dúirt sé.

Tháinig an traidisiún ón dhá thaobh dá chlann, aintín le hathair Dhiarmuid ba ea an bailitheoir clúiteach amhrán agus amhránaí Elizabeth ‘Bess’ Cronin.

“An chéad amhrán a d’fhoghlaimíos riamh ná ‘A Mother’s Love’s a Blessing’, amhrán a d’fhoghlaimíos ó m’aintín Mamie, neacht le Bess,” a mheabhraigh sé. “Chaith Bess Cronin go leor ama i Lios Buí le mo sheanmháthair.” “Fuaireas mo chuid amhrán ó mo mháthair; sna tithe tábhairne; ón raidió; agus ó daoine cosúil le Dinny Leary ó Réidh na nDoirí, agus John ‘the Master’ Kelleher ó Prohus,” a dúirt Diarmuid, a bhailigh amhráin chomh maith ó fear eile ó Chill na Martra, an t-amhránaí, láithreoir raidió, agus ard-stiúrthóir an CLG, Seán Ó Síocháin.

Sholáthair a shaol amhránaíochta agus bailiú-amhrán Diarmuid leis an t-ábhar don dhá dhlúthdhiosca, a thaifead sé ag Satellite Studios de chuid Tony Kirby i mBaile an Chollaig.

In ainneoin bheith ag fulaingt le fadhb scamhóige d’éirigh le Diarmuid a chuid traiceanna nua a thaifeadadh, lena n-áirítear an t-amhrán ‘Táimse im’ Chodladh’, agus ghabh sé buíochas ar chlúdach an dlúthdhiosca leo siúd a chabhraigh leis.

Ag tagairt dá “ sheomra álainn i Marymount”, dúirt sé: “Teastaíonn uaim mo bhuíochas a thaispeáint don áis iontach seo le togra bailithe airgid eile a eagrú. Cén slí níos fearr chun é sin a dhéanamh ach le dlúthdhiosca nua?” Mhol sé an “tacaíocht agus cúnamh iontach atá faighte agam ón oiread sin daoine , go háirithe Tony Kirby, mo bhainisteoir taifeadta. Ní bheadh an dlúthdhiosca seo curtha i gcrích gan é”.

* Seolfaidh láithreoir C103 John Greene ‘The Songs I Used to Sing, Volume 2’ in Óstán an Riverside Park, Maigh Chromtha, an Aoine seo, 8ú Nollaig, ar a 8in, leis an dlúthdhiosca ar díol i siopaí áitiúla chomh maith.