portal_normal EE STRUCTURE orgcat: /PUBLICATIONS/EE-ECHO/LIFE

portal_normal PUBLICATION STRUCTURE cat: /publications/ee-echo/life

portal_normal CATEGORY STRUCTURE category: /PUBLICATIONS/EE-ECHO/LIFE

portal_normal STRUCTURE section: life

portal_normal getURLCurrent: /web/eveningecho/life/detailedstory?p_p_id=DetailedStory_WAR_portalsuite&p_p_lifecycle=0&_DetailedStory_WAR_portalsuite_arg_detailstory_uuid=b8a0437e-3b9d-45a2-924a-48e4d35f8d8a

portal_normal getPortalURL getURLCurrent: http://www.eveningecho.ie./web/eveningecho/life/detailedstory?p_p_id=DetailedStory_WAR_portalsuite&p_p_lifecycle=0&_DetailedStory_WAR_portalsuite_arg_detailstory_uuid=b8a0437e-3b9d-45a2-924a-48e4d35f8d8a

portal_normal getPortalURL: http://www.eveningecho.ie

portal_normal domain: http://www.eveningecho.ie

STRUCTURE EE_062016_general_layout.tpl - url: /life/Gradaim-mar-cheiliuradh-dubailte-do-chomhlacht-Chill-na-Martra-b8a0437e-3b9d-45a2-924a-48e4d35f8d8a-ds

STRUCTURE EE_062016_general_layout.tpl - section: life

STRUCTURE EE_062016_general_layout.tpl - orgcat: orgcat = /PUBLICATIONS/EE-ECHO/LIFE

Bhuaigh Táirgí Cáis Buabhall Mhaigh Chromtha duais óir agus cré-umha ag Gradaim Cháise Domhanda na bliana seo. Grianghrafadóir: Valerie O’Sullivan
Bhuaigh Táirgí Cáis Buabhall Mhaigh Chromtha duais óir agus cré-umha ag Gradaim Cháise Domhanda na bliana seo. Grianghrafadóir: Valerie O’Sullivan
SOCIAL BOOKMARKS
Share to Facebook Share to Twitter Mail

Gradaim mar cheiliúradh dúbailte do chomhlacht Chill na Martra

TÁ duais an bhoinn óir ag Gradaim Cháise Domhanda don dara bliain as a chéile ar an táscaire is déanaí den rath ag Mozzarella Buabhall Mhaigh Chromtha sa chéad trí bliana á tháirgeadh.

Agus leis na cinnlínte á ghlacadh arís eile ag an mozzarella atá á tháirgeadh ón mbainne a thagann ó thréad buabhall Johnny agus Geraldine Lynch i gCill na Martra, tá borradh eile don chomhlacht Gaeltachta leis an duais cré-umha á bhronnadh dá dtáirge ricotta ag an gcomórtas idirnáisiúnta céanna.

Tá Ricotta Buabhall Mhaigh Chromtha, a bhain amach dhá réalta i gcomórtas an UK Great Taste Awards i mbliana, á mholadh mar an gcéad táirge eile ag dul sa treo chéanna don chomhlacht le tomhaltóirí na hÉireann ag baint an-sásamh as cáis traidisiúnta na hIodáile.

Ag baint úsáide as meadhg, fotháirge i ndéantús mozzarella, cuirtear uachtar buabhall leis ansan chun an ricotta a dhéanamh. Cáis í atá inoiriúnaithe le haghaidh úsáide i gcístí cáise, lasagne, ravioli, agus béilí pasta eile, de réir an méid a deir Lina Racine ó Tháirgí Cáis Buabhall Mhaigh Chromtha.

Go traidisiúnta, deir sí, “níl an oiread sin taithí againn ar ricotta a chur isteach i rudaí, agus ní raibh fhios ag tomhaltóirí cad ar cheart a dhéanamh leis ar dtús”.

Tá sin ar fad ag athrú diaidh ar ndiaidh agus tá an táirge á sholáthar anois ag Musgraves, agus tá sé ar fáil ag margaí feirmeoirí chomh maith trí mheán Olives West Cork.

I dteannta le forbairt agus méadú ar Mozzarella Buabhall Mhaigh Chromtha, atá le fáil ar sheilfeanna ollmhargaí ar nós Tesco, SuperValu, Aldi, agus Dunnes, ciallaíonn sé sin go bhfuil gá le méadú táirgthe don chomhlacht agus dá dhéantóirí cáise Sean Ferry, Dan McCarthy, agus Radek Malinowski.

Tá leibhéil an stoic ag druidim i dtreo 300 ag an t-aon tréad buabhall bainne in Éirinn le hiarracht á dhéanamh ag an gcomhlacht freastal ar an éileamh ar a chuid táirgí, le háis táirgthe an chomhlachta i gCill na Martra á uasghrádú i mí Aibreáin, le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta.

Ní dhéanfaidh an bonn óir a buadh ag na Gradaim Cháise Domhanda i Londain leis an gcáis ‘Specially Selected Irish Buffalo Mozzarella’ á táirgeadh acu do Aldi aon díobháil dá gcuid trádála ach an oiread, a dhearbhaigh stiúrthóir bainistíochta an chomhlachta Kieran Moylan.

“Tá an gradam aitheantais seo tar éis luach thar cuimse a thabhairt dár gcomhlacht agus dár mbranda i dtéarmaí creidiúnachta, agus osclófar doirse do Tháirgí Cáis Buabhall Mhaigh Chromtha go miondíoltóirí nua i margaí easpórtála, mar i ndeireadh an lae ag breathnú amach romhainn ba mhaith linn ár dtréad buabhall a mhéadú, rud a chuirfidh le méadú díolacháin dá réir.”