Tuesday, October 25, 2016
Taifeadadh an dlúthdhiosca ‘Onóir’ le ceoltóirí agus amhránaithe, lena n-áirítear baill de Chór Ban Chúil Aodha agus Peadar Ó Riada. Grianghraf: Gael Linn

Taifeadadh an dlúthdhiosca ‘Onóir’ le ceoltóirí agus amhránaithe, lena n-áirítear baill de Chór Ban Chúil Aodha agus Peadar Ó Riada. Grianghraf: Gael Linn

 

Le Pet Uí Chonaill

AG druidim i dtreo deireadh na bliana seo de chomóradh an chéid, is deacair a shamhlú cad atá fágtha le rá faoi Éirí Amach na Cásca nach bhfuil curtha i láthair cheana féin i bhfoirm véarsaíochta, drámaíochta nó ceoil, agus ag an iliomad imeachtaí Stáit agus pobail.

Ach cé go bhfuil na híobairtí a dhein ceannairí an Éirí Amach comórtha go mór i gcaitheamh na bliana, níl onóir iomlán tugtha dá gcuid idéal go fóill, de réir cumadóir Chúil Aodha Peadar Ó Riada.

Lena shaothar is déanaí, ‘Onóir’, a bheidh á thaibhiú don chéad uair sa Cheoláras Náisiúnta ar an 30ú Deireadh Fómhair, déantar iarracht “comhfhiosacht bhunúsach na nGael a mhúscailt” agus braistint den phobal agus den chultúr náisiúnta a bhí go smior ag ceannairí 1916 a athmhúscailt.

“Theastaigh uaim an comhrá a thosnú mar ceapaim go bhfuil 1916 crapclúdaithe agus pacáistithe,” a deir Ó Riada. “Tá comóradh déanta ar imeachtaí na bliana úd ar bhonn thar a bheith éirimiúil ach thar a bheith sábháilte, agus tá 1916 curtha mar chuid den stair agus é scartha ónár gcuid imeachtaí laethúla, ní hé sin in aon chor a bhí i gceist ag ceannairí 1916.”

Deir sé go mbaineann an teideal ‘Onóir’ le “bheith onórach agus meas a léiriú dár gcuid moráltachta. Tá sé seo caite i leataobh ag an gcultúr nua-aimseartha, chun dochair do phobal agus do mhuintir cheannairí 1916, agus is é sin fritéis an méid a dhein na leaideanna sin nuair a thug siad uathu a saoil ar son na cúise sa bhliain 1916”.

Tugann dhá cheann de na saothair a cumadh le haghaidh ‘Onóir’ foirm cheoil do dhánta le Pádraig Mac Piarais, an fear a glacadh go láidir leis mar ghuth an Éirí Amach.

Tá ‘Móra Duit, a Thír ár nDúchais’ “ar cheann de na dánta is fearr liom”, a deir Ó Riada.

“Tuigtear ann conas mar a mhothaigh sé (Mac Piarais)ar bhonn mothúchánach faoin oileán seo. Má tá grá agat don náisiún ní beidh daoine agat stiúctha leis an ocrais suite i ndoirse na tíre. Sin a chiallaíonn leis domsa. Is dán iontach é agus dheineas iarracht teacht timpeall air go simplí.

“Is mothúchán fíor ina chroí a bhí ann seachas tuairim theibí intleachtúil. Sin í an mhíthuiscint bhunúsach atá ag daoine i leith an Phiarsaigh inniu.

“Tá an t-aineolas bunúsach seo soiléir in an-chuid d’insint staire 1916, céad bliain níos déanaí. Is cultúr forbartha agus fréamhaithe sa chroí seachas san intleacht í, a d’eascair as an talamh agus as an náisiún Gaelach. Baineann tréith na hintleachta agus smacht is foréigean aigeanta le cultúr gallda.”

Maidir leis an dara saothar a bhaineann le scríbhinní an Phiarsaigh, ‘Mionn an Phiarsaigh’, deir Ó Riada: “Chum Pádraig é seo le linn néal feirge a bhuail é, nuair a tuigeadh dó uafás an ualaigh a bhí curtha orainn mar náisiún. Nuair is led’ chroí a thomhaiseann tú do shlat, is féidir leis a bheith trom agus fada má tá an éagcóir trom agus fada.

“Is iondúil go nglanann an próiseas anailíseach intleachtúil na himeachtaí seo ionas go gcoimeádtar na mothúcháin faoi smacht.”

Tá sé ríthábhachtach deis scaoilte a thabhairt do na mothúcháin seo, a deir Ó Riada, agus sa saothar caointe ‘Caoineadh Náisiúin’ tráchtann sé ar cuid de na huafáis a tháinig roimh bhreith na hÉireann mar náisiún.

“Mar íospartach éignithe, táimid ag an gcéim iarchoilíneach, iar-íospartach, áit nach dteastaíonn tabhairt faoi aon choimhlint; ní theastaíonn uainn náire a chur ar dhaoine, ach maireann na rudaí sa choinsias againn,” a deir sé. “Ní mór dúinn tosnú ag dul i ngleic leis seo, nó pléascadh sé agus ní rud ró dheas a bheadh ansan. Mar náisiún ba cheart go mbeimis ag dul i mbun teiripe, agus níor cheart go mbeimid ag cur ina luí orainn féin nach raibh rudaí chomh holc sin i ndáiríre.”

Breathnaítear ar an múnlú d’fhéiniúlacht na hÉireann mar náisiún tríd síos ‘Ónóir’ agus soiléiriú ar an méid sin sa saothar ‘Fianna Éireann – An Tosach’, na focail dá chuid a scríobh an scoláire agus an t-údar, an Moinsíneoir Pádraig Ó Fiannachta, a cailleadh i mí Iúil na bliana seo, an tseachtain gur thaifead Gael Linn ‘Onóir’ le haghaidh dlúthdhiosca.

Tugann saothar nua an Riadaigh ómós don Mhoinsíneoir leis an gcéad seacht nóiméad dá véarsa eipiciúil á aithris, le léiriú ceoil agus cur i láthair den téacs iomlán i measc saothar Uí Riada atá idir lámha sna blianta le teacht.

“Teastaigh uaim miotaseolaíocht ar fad na Éireann a chruthú in aon sruth idirdhealaithe amháin. Faoi láthair tá sé ar fad ilroinnte,” a mhínigh Ó Riada.

“Ní mór gach sibhialtacht a thacú lena cuid fréamhacha nó bunchloch. Tar éis na céadta uafáis, géarleanúna agus céad bliain saoirse, tá ár gcultúr fós faoi bagairt. Tá sé thar am ár n-oidhreacht a athnascadh. Mhothaíos féin agus Pádraig Ó Fiannachta go bhféadfaí teacht ar bhunchloch ár gcultúir, é sin a thug dúinn ar gcuid idéal, trínár stair miotasach a chónascadh isteach in insint áititheach.”

Tugann saothar de chuid an Riadaigh a fhéachann ar an gcoinsiasacht cultúrtha náisiúnta comparáid chinnte le ‘Mise Éire’, b’fhéidir saothar is iomráití a athair, Seán Ó Riada.

Tá a scór ón mbliain 1959 do scannán faisnéise Gael Linn le George Morrison, an teideal dá chuid a tógadh ó véarsa Phádraig Mac Piarais, fós ar an saothar ceoil is sainiúla i dtaca le coimhlint na hÉireann don saoirse ó na 1980aidí go dtí 1918.

Leathchéad bliain ina dhiaidh sin, ghlac Gael Linn Peadar ar choimisiún chun saothar comórtha 1916 a “tharraingeodh ar thraidisiún saibhir an cheoil agus na hamhránaíochta Gaelaí ach a chuirfeadh in oiriúint é do lucht éisteacht a nua-aimseartha,” de réir a phríomhfheidhmeannach Antoine Ó Coileáin.

“Trína chuid scannán faisnéise Mise Éire agus Saoirse?, tá dlúthcheangal ag Gael Linn le comóradh a dhéanamh ar stair na hÉireann. Go háirithe, ghabh na saothair cheoil le Seán Ó Riada an náisiún go mór agus leanann siad orthu ag sainiú ár gcur chuige i leith na tréimhse sin.

“Chun comóradh céid1916 a mharcáil, bhí fonn ar Gael Linn saothar a chóimisiúnú a tharraingeodh ar thraidisiún saibhir an cheoil agus na hamhránaíochta traidisiúnta ach a chuirfeadh in oiriúint é do lucht éisteachta nua-aimseartha. Roghnaíomar Peadar de bharr a léargas isteach i smaointeoireacht na nGael agus de bharr saibhreas a chuid saothar go dtí seo.

“Tá dlúthcheangal ag Peadar leis an traidisiún Gaelach agus baineann Onóir úsáid as an tiomantas céanna agus a d’úsáid na Ceithre Mháistrí ina gcuid lámhscríbhinní: ‘Do chum glóire Dé agus onóra na hÉireann’.”

Déanann Peadar beag is fiú d’aon chomparáid le scór a athair féin do bhreith an náisiúin.

“Ní bheinn sa chatagóir céanna. Ní cumadóir chomh maith sin mé – níl déanta agam ach roinnt rudaí a chur le chéile,” a éilíonn sé, ag rá chomh nach éasca in aon chor é do dhuine ar bith aithris a dhéanamh ar oidhreacht a n-athair.

“Ceann de na rudaí a ritheann liom ná le bliain anuas go bhfuil go leor saothair cheoil agus filíochta coimisiúnaithe, ach níl aon cheann acu tar éis fanúint im’ aigne mar a dhéanann Mise Éire.”

Tá ‘Onóir’ i dteannta le saothair eile, á chur i láthair ag an ngrúpa ceoil traidisiúnta Téada le Cór Chúil Aodha agus Cór Ban Chúil Aodha, píobaire uilleann Mick O’Brien, agus cruitire Oisín Morrison, buaiteoir Bhonn Óir Sheáin Uí Riada 2013.

Tugann Cor Ban Chúil Aodha faoi chuid dá mhórshaothar ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’, agus tá cóiriú d’amhrán mór ag cór na bhfear, ‘Mo Ghile Mear’ agus saothair cheoil traidisiúnta tiomanta do mheascán eicléicteach lena n-áirítear Naomh Lachtaín, do Ghael Linn, agus do neacht Pheadair, Neans.

* Beidh an chéad taibhiú de chuid ‘Onóir’ sa Cheoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath ar an 30ú Deireadh Fómhair agus tá dlúthdhiosca á sheoladh ag Gael Linn.  Ticéid: www.nch.ie

Beidh sé á chur i láthair chomh maith i dteannta le rogha ábhar breise mar chuid d’Oireachtas na Samhna san INEC i gCill Airne ar an 3ú Samhain ar a 10.30in, á chraoladh beo ar TG4.

 

 

 

 

Comments are closed.

Contact Newsdesk: 021 4272722

More Gaeilge

Tugann Acadamh Fódhla cuireadh do bhaill nua

More by this Journalist

Tugann Acadamh Fódhla cuireadh do bhaill nua