Wednesday, December 14, 2016

Michaela Ní Chreimín, Muireann Ní Argáin, agus Julie Ní Choinceannáin, buaiteoirí na gcomórtas filíochta agus próis ag Comóradh an Ríordánaigh, sa phictiúr ag seasamh in aice le múrmhaisiú de Ó Ríordáin agus a shaothar clúiteach ‘Cúl an Tí’ ar chúl Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, Baile Mhúirne. Grianghrafadóir: Pet Uí Chonaill

 

Le Pet Uí Chonaill

CÉ go ndeirtear go bhfuil tábhacht lena chuid saothar i gcomhthéacs Eorpach, b’é an radharc ó chúl a thí féin i gContae Chorcaí a bhí mar ábhar le ceann de na dánta is iomráití a scríobh Seán Ó Ríordáin, ‘Cúl an Tí’.

Agus go hoiriúnach dá réir, ba i sráidbhaile dúchais an Ríordánaigh i mBaile Mhúirne, i ngiorracht scread asail ó chúl thí a óige, a tionóladh ceiliúradh  céad bliain ó thráth a bhreithe.

Cosúil le filíocht an Ríordánaigh, chruthaigh Comóradh an Ríordánaigh, cónascadh idir Ollscoil Luimnigh agus Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, ceangal idir pheirspictíochta í áitiúla, naisiúnta agus idirnáisiúnta.

Ó scannán cartúin de ‘Cúl an Tí’ curtha le chéile ag daltaí scoile, go cur i láthair léiritheach de shaothar an Ríordánaigh agus comhdháil d’fhilí agus saineolaithe liteartha, dhein an comóradh iniúchadh ar ghnéithe dá chuid filíochta agus próis d’idir óg agus aosta araon. Bhí léargais ann ó scoláirí lena n-áirítear beathaisnéisí an Ríordánaigh, ollamh emeritus Seán Ó Coileáin, nochtadh múrmhaisiú ‘Cúl an Tí’, comórtas liteartha do dhaltaí meánscoil, agus searmanas ag uaigh an Ríordánaigh sa reilig áitiúil.

Leag file Liam Ó Muirthile, aoi ríthábhachtach tríd síos na hócáide, béim ar thábhacht an chomórtha a bhí ar siúl i mBaile Mhúirne, an sráidbhaile a d’fhág Ó Ríordáin slán leis ag aois óg 15 bliana sular bhog sé go Inis Cara, le seal á chaitheamh aige ina dhiaidh sin ag obair i Halla na Cathrach i gCorcaigh, cé go raibh sé go mór faoi thionchar na heitinne.

“D’fhág sé nuair a bí sé óg go maith, ach thug sé faoin turas sin ó Bhaile Mhúirne go Cathair Chorcaí agus thug sé leis rud éigin ón gceantar tuaithe chuig an gcathair.

“Anois tá sé á thabhairt abhaile. Tá sé curtha (i Reilig Ghobnatan) i dteannta le Seán Ó Riada agus go leor eile, agus do Bhaile Mhúirne tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí é a chomóradh anseo. Tá obair na gcapall déanta ag Bríd Cranitch (bainisteoir an Ionad Cultúrtha) chun an méis sin a chur i gcrích.”

 

IE EE LIVE NEWS   02/12/2016 ...  Bríd Cranitch, director of Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loinsigh, Baile Mhúirne, visiting the grave of Sean Ó Ríordain during Comóradh an Ríordanaigh, a three day event celebrating the life and work of the iconic writer and poet, Sean Ó Ríordain, who was born in Baile Mhúirne on December 3rd, 1916, and which has been taking place at Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loinsigh, Baile Mhúirne. Picture: Denis Minihane. Video with this.

Bainisteoir an Ionad Cultúrtha, Bríd Cranitch ag uaigh Sheáin Uí Ríordáin i Reilig Ghobnatan, Baile Mhúirne. Grianghrafadóir: Denis Minihane

 

Mar sin féin, mar scríbhneoir bhí Ó Ríordáin mar nua-aoisí an traidisiúin Ghaelaigh agus ba cheart é a chur i lár an aonaigh i measc na bhfilí Eorpach, a dúirt Ó Muirthile.

“Ní mór dúinn athmheasúnú iomlán a dhéanamh ar Ó Ríordáin,” a dúirt sé. “Nua-aoisí iontach é Ó Ríordáin agus ní mór é a chur i gcomhthéacs Eorpach.”

Agus é ag déanamh comparáid le saothar an t-Iodálach Giuseppe Ungaretti agus scríbhneoir Francach na hAthbheochana François Rabelais, thug Ó Muirthile le tuiscint toisc go raibh sé ag scríobh i nGaeilge gur chiallaigh sé sin nár aithníodh cáilíochtaí Eorpacha an Ríordánaigh i lár an chéid deireanach.

“Dá n-aistreofaí Ó Ríordáin go Polainnis nó Seicis, d’aithneofaí é láithreach bonn, níos mó ná mar a d’aithin cainteoirí aonteangacha an Bhéarla é.”

Deir Ó Muirthile, a bhí ina mhac léinn ag Ó Ríordáin i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, nach raibh aon easpa measa dá chuid  saothar sa bhaile.

“Tá meas ag mo ghlúin-sa air – níl aon cheist faoi. Bhí aithne agam ar Ó Ríordáin. Scríbhneoir cónaitheach ba ea é i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh nuair a bhíos im’ mhac léinn agus bhí sé go hiontach. Níl dabht ach gur éirigh leis teacht orainn agus sinn ag druidim le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh ag aois 18 nó 19 mbliana. Bhí sé dochreidte Seán a bheith ann inár dteannta.

“Bhí Seán Ó Riada ar an gcampas chomh maith agus b’iontach an t-am a bhí ann d’éinne le spéis acu sna healaíona.

“Bhí an t-eiseachas i bhfaisean agus ba chosúil gurb é Ó Ríordáin an file a labhairt le glúin na 60aidí déanacha.

“Bhí saol duairc go maith ag Ó Ríordáin. Bhí sé buailte leis an eiteann agus níor chaith Éire na linne sin ró mhaith leo siúd a bhí buailte le míchumas meabhrach nó fisiceach,” a d’áitigh sé.

“Tá turas ollmhór ina shaol trís an fhulaingt ar fad agus d’éirigh leis an fhulaingt a scaoileadh trína chuid saothar.”

Comments are closed.

Contact Newsdesk: 021 4272722

More Gaeilge

Tugann Acadamh Fódhla cuireadh do bhaill nua

More by this Journalist

Tugann Acadamh Fódhla cuireadh do bhaill nua