Tuesday, November 29, 2016

 

gaeltachtsign_large-1

Le Pet Uí Chonaill

IS é “Coimeád ár nGaeltacht” an rosc catha agus cuireadh á thabhairt do mhuintir Mhúscraí ionchur a bheith acu i bplean teanga chun stádas Gaeltachta an cheantair a chosaint.

Cuirfear tús an tseachtain seo chugainn le sraith de chúig chruinnithe dátheangacha, ceann i ngach ceann de shráidbhailte Mhúscraí, le baill de chlubanna, coistí agus grúpaí pobail áitiúla á spreagadh le freastal ar na cruinnithe sin.

Tá na plé-chruinnithe seo ar cheann de na céimeanna ar an mbóthar i dtreo plean teanga a chur le chéile mar a éilítear faoi Acht na Gaeltachta, 2012, a thug feidhm reachtúil do chur chun feidhme na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Ceann de na cáipéisí a úsáideadh le heolas a thabhairt do pholasaí an Rialtais i dtaca leis an nGaeilge ná an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a foilsíodh sa bhliain 2007, agus sa cháipéis sin déantar catagóiriú ar cheantair Ghaeltachta na tíre ó A go C de réir úsáid na teanga, gan aon cheann de thoghranna Mhúscraí ag baint amach stádas ‘A’ ann.

Tá pleananna teanga á gcur i gcrích anois i limistéir phleanála teanga ó cheann ceann na tíre agus ceapadh comhordaitheoir pleanála teanga do cheantar Mhúscraí i mí Mheán Fómhair, faoi choimirce Meitheal Pleanála Teanga Mhúscraí, fochoiste de chuid Comharchumann Forbartha Mhúscraí, an cheanneagraíocht a roghnaíodh chun plean teanga a chur le chéile don cheantar.

Ag iarraidh an pobal a spreagadh le bheith páirteach, díríonn an Comharchumann ar Acht na Gaeltachta, ag rá: “Tá baol go gcaillfear ár stádas Gaeltachta mura gcuirimid plean teanga le chéile.”

Leantar ar aghaidh ag rá go bhfuil an teanga, “mar chuid lárnach dár n-oidhreacht agus ár gcultúr. Cuireann sí le féiniúlacht uathúil an cheantair” agus tá sí “ríthábhachtach d’eacnamaíocht na háite”.

Tá bunthréimhse suas le dhá bhliain ag na ceanneagraíochtaí chun pleananna a gcur i gcrích dá gceantair, agus ceadaíodh maoiniú €35,000 do Chomharchumann Forbartha Mhúscraí chuige seo.

Is í Rosaí Ní Charthaigh, ar ó Bhaile Mhúirne ó dhúchas í, an comhordaitheoir pleanála teanga nuacheaptha agus faoi scáth Meitheal Pleanála Teanga Mhúscraí tá sí tosnaithe i mbun teagmhála le hionadaithe ó níos mó ná 120 club, coiste agus grúpa pobail sa cheantar.

Leis na teachtaireachtaí “roghnaigh ár dtodhchaí” agus “coimeád ár nGaeltacht”, táthar ag iarraidh ar na grúpaí ar fad ionadaithe dá gcuid a chur chuig ceann de na cruinnithe a bheidh ar siúl in Aire na nÓg, Cill na Martra ar an Máirt, 6ú Nollaig; An halla, Béal Átha’n Ghaorthaidh ar an gCéadaoin 7ú; Ionad Áise, Ré na nDoirí ar an Déardaoin 8ú; Áras Éamonn Mac Suibhne, Cúil Aodha ar an Máirt 13ú; agus Halla an Pharóiste, Baile Mhúirne, ar an Déardaoin 15ú, iad ar fad ag tosnú ar a 7:30in.

Tá sé i gceist ag an Meitheal Pleanála Teanga cruinnithe comhchosúla, i bhfoirm ceardlanna, a reáchtáil sa dhá mheánscoil i gceantar Mhúscraí, agus leis na ranganna sinsearacha i mbunscoileanna an cheantair.

Beidh ionchur á lorg chomh maith ón bpobal feirmeoireachta agus ón lucht gnó, agus beidh tuairimí á lorg ó thuismitheoirí pháistí óga chomh maith.

Tá neart smaointe ag teacht chun cinn cheana féin le cur san áireamh sa phlean teanga, a dúirt Rosaí, lena n-airítear moladh le haghaidh ionad buail isteach do dhaoine óga, áis cúram leanaí i mBaile Mhúirne, seirbhís tar éis scoile, agus tacaíocht do ghrúpaí tuismitheoirí agus leanaí an cheantair i leith acmhainní agus ceardlanna trí mheán na Gaeilge. Tá roinnt moltaí tagtha chun cinn chomh maith i dtaobh treoir ar úsáid na meán sóisialta trí mheán na Gaeilge, mar aon le córas éigin trína n-aithneofaí iad siúd atá toilteannach agus ábalta an Ghaeilge a labhairt le daoine eile, mar shampla cuairteoirí chun na háite.

“Tá freagra thar a bheith dearfach faighte go dtí seo,” a dúirt Rosaí, atá tar éis tamall de bhlianta a chaitheamh ag obair sa réimse léiriú teilifíse Gaeilge.

“Tá riachtanais éagsúla i ngach ceantar,” a d’admhaigh sí, “agus tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh meascán de smaointe beaga agus smaointe móra sa phlean.”

“D’fhéadfaimis suí síos agus leabhairín gleoite a scríobh maidir leis na rudaí ar fad a d’fhéadfaí a dhéanamh, ach ní hé sin atá i gceist leis seo – caithfidh sé teacht ón bpobal,” a dúirt sí.

Ní bheidh na smaointe ar fad inmharthana nó indéanta, a dúirt sí, ach d’áitigh: “Creidimid mar mheitheal oibre go mbeidh roinnt airgid ar fáil ag deireadh an bhóthair chun cuid de na smaointe a chur i gcrích.”

 

Comments are closed.

Contact Newsdesk: 021 4272722

More Gaeilge

Tugann Acadamh Fódhla cuireadh do bhaill nua

More by this Journalist

Tugann Acadamh Fódhla cuireadh do bhaill nua