Tuesday, January 24, 2017

Peadar Ó Riada, in éineacht le buaiteoir Chomórtas Bhonn Óir Sheáin Uí Riada anuraidh, Seán Gavin ó Mheiriceá. Grianghrafadóir: Darragh Kane 

 

Le Pet Uí Chonaill

BEIDH comhdháil dóibh siúd atá ag baint amach a slí beatha i réimse an cheoil traidisiúnta mar chuid lárnach de na himeachtaí le linn Comórtas Bhonn Óir Sheáin Uí Riada i gCathair Chorcaí i mbliana.

Beidh babhta ceannais an chomórtais cheoil iomráiteach ar siúl in Óstán an Rochestown Park an mhí seo chugainn (mí Feabhra) le linn ócáide dhá lá, leis an gcomhdháil, ‘Comhdháil na gCeoltóirí’ mar chuid de na himeachtaí a bheidh ar siúl ann.

Tabharfaidh an chomhdháil, ar an Satharn 4ú Feabhra, deis do cheoltóirí agus amhránaithe idirghabháil le foilsitheoirí, craoltóirí agus ionadaithe na n-eagraíochtaí ealaíona.

Bhí dleachtanna ceoil, iarratais ar dheontais na Comhairle Ealaíon, agus an costas atá le víosaí na Stát Aontaithe i measc na n-ábhar a pléadh ag céad bhliain na comhdhála anuraidh, agus táthar ag súil go n-osclóidh ócáid leathnaithe na bliana seo breis díospóireachtaí le saineolaithe na réimse úd.

Beidh ionadaithe ó Gael Linn, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, agus IMRO i measc na gcainteoirí, agus beidh deis acu siúd a bheidh i láthair ann ceisteanna a chur ar ábhair ar nós formáidí foilsithe ceoil, teicneolaíocht, cóipcheart, agus teagmhálacha agus bolscaireacht do choirmeacha ceoil thar lear.

Roimh na comhdhála, ar an Aoine, 3ú Feabhra beidh Comórtas Bhonn Óir Sheáin Uí Riada, atá ar oscailt i mbliana dóibh siúd ag seinnt an chláirseach nó na píopaí, le dhá bhonn óir á mbronnadh mar aon le duaiseanna €2,000.

Rothlaíonn an comórtas do Bhonn Óir Sheáin Uí Riada gach bliain idir uirlisí éagsúla an cheoil traidisiúnta agus mealltar iarrthóirí idirnáisiúnta, le hiomaitheoirí ó Shasana agus ó Mheiriceá ag baint amach babhta ceannais 15 iomaitheoirí na bliana seo.

Seinnfidh na 15 ceoltóirí os comhair na moltóirí i mbabhta ceannais á chraoladh beo ar Raidió na Gaeltachta óna 7in go 9in ar an 3ú Feabhra, ar an gclár ‘Cuireadh Chun Ceoil’.

Mar láithreoir an chláir úd, agus fear an tí na hoíche, tá an ceoltóir agus cumadóir Peadar Ó Riada, a thionscain an comórtas céad lá in onóir a athar, an cumadóir iomráiteach Seán Ó Riada.

Sean Ó Riada: Comórtas ina onóir.

 

Moltóirí an chomórtais i mbliana ná cláirsí Laoise Kelly agus píobairí Ailean Domhnaileach agus Jimmy O’Brien Moran agus spreagann an comórtas “carachtar, sprid agus ceolmhaireacht mar gnéithe atá chomh tábhachtach céanna le hoilteacht teicniúil”.

I measc iar-bhuaiteoirí an chomórtais, atá anois ina seachtú bliain, áirítear Seán Gavin, Darragh Curtin, Cormac Begley, Tim McHugh, Aoife Ní Bhriain, agus Tiarnán Ó Duinnchinn agus Oisín Morrison

Seo a leanas iomaitheoirí ceannais na bliana seo: Éanna Ó Cróinín (An Mhí); Michael Coughlan (Oxford), Cian Smith (Port Láirge), Tim Doyle (Baile Átha Cliath), Seán Ó Tuathaigh (Cill Chainnigh), Jack MacPartlain (Tiobraid Árann), Niamh McGloin (Sligeach), Alannah Thornburgh (Maigh Eo), Éadaoin Ní Mhaicín (Maigh Eo), Úna Ní Fhlannagáin (Gaillimh), Gráinne Fitzgibbon (Luimneach), Aislinn Gagliardi (Chicago), Cathy Potter (An Clár), Colm McGonigle (Béal Feirste), agus Floriane Blanke (Gaillimh).

Tar éis an chomórtais níl dabht ach go mbeidh seisiún bríomhar ceoil, agus ar an Satharn 4ú Feabhra, beidh an chomhdháil ar siúl ar a 2in agus á leanúint ar a 8in beidh ‘Ór-Choirm’ le buaiteoirí na mBonn Óir.

Beidh saor chead isteach san Ór-choirm, le costas €10 ar Chomórtas Bhonn Óir Sheáin Uí Riada agus €5 ar Chomhdháil na gCeoltóirí, agus clárú don chomhdháil ag claru@cuireadhchunceoil.ie

 

 

 

 

Comments are closed.

Contact Newsdesk: 021 4272722

More Gaeilge

Tugann Acadamh Fódhla cuireadh do bhaill nua

More by this Journalist

Tugann Acadamh Fódhla cuireadh do bhaill nua