Thursday, July 21, 2016
Clann Uí Laoghaire i láthair do nochtadh na leice: Máirín Uí Sheachnasaigh (iníon), Mairéad Uí Cheallacháin (iníon),  Nell Uí Dhuinnín (deirfiúr), Treasa Ní Laoghaire, agus Cáit Uí Laighin. Grianghrafadóir: Diarmuid O’Connell

Clann Uí Laoghaire i láthair do nochtadh na leice: Máirín Uí Sheachnasaigh (iníon), Mairéad Uí Cheallacháin (iníon), Nell Uí Dhuinnín (deirfiúr), Treasa Ní Laoghaire, agus Cáit Uí Laighin. Grianghrafadóir: Diarmuid O’Connell

 

Le Pet Uí Chonaill

 

TÁ fear pobail a bhí ríthábhachtach i mbunú Linn Snámha Chúil Aodha coinnithe i ndíl-chuimhne an phobail le hath-ainmniú na háise ina onóir.

Athosclaíodh an linn snámha amuigh faoin aer, a uasghrádaíodh le déanaí ar chostas €200,000, an Satharn seo caite agus tá aithne anois ar an áit mar Linn Snámha Conchúbhar Ó Laoghaire.

Tá plaic ar fhalla na linne anois ag comóradh an fhir a bhí ina rúnaí ar choiste forbartha an tsráidbhaile, Comhaltas Cosanta Chúil Aodha, ar feadh os cionn 50 bliain agus é ina chrann taca laistiar d’fhorbairt na linne snámha nach mór leath chéad bliain ó shin.

Tógadh an linn snámha, atá ina háis phobail anois le teas grianphainéil, seomraí feistis agus ceathanna nua, mar acmhainn do na daltaí ag freastal ar an gcoláiste samhraidh spleodrach sa sráidbhaile.

Cé gurb feirmeoir é, chaith Conchúbhar seal rí-fhada mar rúnaí an choláiste, ag obair ar riarachán na háise go dtí gur cailleadh é sa bhliain 1997, ag aois 82.

Agus é i mbarr a mhaitheasa, mheall an coláiste os cionn 200 dalta samhraidh in aghaidh na míosa go Cúil Aodha, agus bhí Conchúbhar i measc baill an chomhaltais a bhí páirteach i bhfeabhsú na n-áiseanna, ag teacht ar fhoinsí maoinithe agus cead pleanála de réir mar a bhí an linn snámha agus áiseanna eile á bhforbairt mórthimpeall ar Áras Éamon Mac Suibhne áit atá mar an halla pobail sa lá atá inniu ann.

“Bhí sé sáite go láidir i mbunú na linne snámha agus throid sé go mór ar a son; bhí sé thar a bheith diongbháilte,” a mhínigh iníon Conchúbhar, Mairéad Uí Cheallacháin.

“Bhíodh na daltaí samhraidh ag teacht ag an am agus theastaigh uathu na háiseanna a bheith acu dóibh, agus shocraíodar ar linn snámha, agus thógadar na cúirteanna leadóige, an pháirc peile, agus na seomraí ranga nua.

“B’iontach an áis í an linn snámha, in ainneoin go raibh an t-uisce an-fhuar toisc nach raibh sí téite in aon chor ag an tús,” a dúirt sí, ag meabhrú gur cuimhin léi go riabh an coláiste agus an linn snámha ach go háirithe go mór i gcroí a hathair.

“Dhein sé an t-uafás oibre don phobal, bhí sé tiomanta go maith don obair ach ní bhíodh sé ag maíomh faoi in aon chor. Choinnigh sé air go ciúin ina shlí féin.

“Bhíodh an coláiste i gcroílár a shaol agus bhiodh an t-uafás ama i gceist leis. Bhí sé le héirí as ach lean sé air ag obair go lá a bháis.”

Cé gur dhún an coláiste samhraidh dhá bhliain tar éis bháis Chonchúbhar, tá an linn snámha imithe ó neart go chéile ó shin i leith mar áis phobail agus creideann Mairéad go mbeadh ríméad ar a hathair le cuma nua-aimseartha na linne.

“Is iontach go deo an áis í. Bheadh an-áthas air faoin obair ar fad atá déanta go dtí seo agus an líon mór ógánach atá ag baint leasa as ó ar fud na háite,” a dúirt sí.

Bhí Mairéad agus a deirfiúracha Máirín, Treasa, agus Cáit i láthair do nochtadh na leice ag ainmniú na linn snámha in onóir a n-athair, i dteannta le sciar mhór dá ghar-chlann agus dá chlann-garchlainne.

3. Swimming pool

Linn Snámha Chúil Aodha. Grianghrafadóir: Diarmuid O’Connell

 

Athosclaíodh an linn snámha ar an Satharn tar éis neart oibreacha athchóirithe agus feabhsúcháin ar luach €200,000 agus is ríshoiléir gur mór an t-athrú atá tagtha ar an linn snámha i gCúil Aodha i gcaitheamh na tréimhse 10 mbliana ón uair a chabhraigh Conchúbhar chun na haiseanna a bhunú ar bhruacha an tSúláin.

Táthar tar éis seomraí feistis nua, leithris atá inrochtana do chathair rotha agus ceathanna nua a chur leis an linn snámha, mar aon le córas téite uisce grianphainéal, córas scagacháin, agus ceann-bhrait ar imeall na linne.

Clúdaíodh formhór na gcostas le maoiniú Leadar trí mheán Comhpháirtíocht Forbartha Iarthar Chorcaí, agus deontais eile óna leithéidí SSE Airtricity agus Údarás na Gaeltachta, i dteannta le feachtais bailithe airgid áitiúla, an tarrach 50-50 seachtainiúil ina measc. Chomhlíon tógálaí áitiúil Freddie Lynch na hoibreacha feabhsúcháin agus bhí Micheál Ó Duinnín ina bhainisteoir tionscadail ar an obair.

Cuireadh isteach láthair súgartha chomh maith le neart bréagán agus baineann leanaí óga úsáid as sin, le baill de dhá grúpa tuismitheoirí agus leanaí áitiúla ina measc agus iad ag baint úsáide as an linn le haghaidh ranganna snámha go minic.

Reáchtáiltear cúrsaí snámha agus tarrthála sa linn snámha faoi coimirce Sábháilteacht Uisce Éireann, leis an gcéad chúrsa i mbliana ag mealladh 180 rannpháirtithe chuig an linn an tseachtain seo caite.

Baineann na daltaí ag freastal ar Choláiste Samhraidh Gael Linn i mBaile Mhúirne úsáid as an linn snámha chomh maith le haghaidh cúrsaí Sábháilteacht Uisce na hÉireann, mar aon le daltaí na mbunscoileanna i gceantar Mhúscraí agus níos faide ó bhaile, le thart ar 150 dalta ag comhlíonadh cúrsaí snámha agus tarrthála sa linn snámha i mbliana cheana féin.

Tá an linn snámha, ina bhfuil trí ghlúin tar éis foghlaim conas snámh ann ó thráth a bhunaithe, ar oscail don phobail ar bhonn laethúil agus bhí an tóir ag foirne ag glacadh páirte i gComórtas Peile na Gaeltachta i mBaile Mhúirne uirthi.

Mar chomhordaitheoir na gcúrsaí snámha sa linn tá Siobhán Ní Laocha, atá ina ball de choiste na linne snámha ó 2003agus atá in tarrthálaí cáilithe, ina teagascóir snámha agus an teagmhálaí áitiúil do Shábháilteacht Uisce na hÉireann.

Tá clú na gcúrsaí snámha de chuid Sábháilteacht Uisce na hÉireann feicthe aici ag méadú bliain i ndiaidh bliana.  “Táimid lán go barr do na cúrsaí tarrthála,” a dúirt sí. “Tá an linn snámha glan, tá sí sábhailte – tá tarrthálaithe cáilithe againn – agus í amuigh faoin aer, rud atá neamhghnách ann féin i ndáiríre. Tá taobh sóisialta leis an linn chomh maith. Tagann daoine ó chian is ó chóngar chun freastal ar na seachtainí snámha – ón nGaillimh, Béal Feirste, an Daingean, Beanntraí, Baile Átha Cliath Corcaigh, agus socraíonn roinnt daoine bualadh suas go speisialta an tseachtain seo gach bliain. Coimeádtar úsáid na linne snámha ar chostas inacmhainne do mhuintir na háite.”

Ag baint amach oibreacha cothabhála laethúla, glanadh, clóiríniú, agus tastálacha um chaighdeán uisce sa linn snámha bíonn rannpháirtithe na Scéime Sóisialta Tuaithe agus na scéime Tús, agus fochoiste na linne snámha faoi choimirce an ghrúpa pobail deonach Comhaltas Cosanta Chúil Aodha.

Léirigh cathaoirleach an choiste Jerh Ó hÉalaithe ómós dóibh siúd a tháinig roimhe ar an gComhaltas Cosanta agus a bhunaigh an linn snámha, go háirithe Conchúbhar Ó Laoghaire.

“Tá na feabhsuithe ar fad sa cheantar anseo ann a bhuíochas leis an obair a dhein se siúd agus baile eile den Chomhaltas Cosanta,” a dúirt sé. “Bhí sé ina rúnaí agus ina chrann taca ag an gComhaltas Cosanta agus is é siúd a dhéanfadh an obair dhian ar fad, ag eagrú na bhfoinsí maoinithe agus deontais.”

Conchúbhar Ó Laoghaire

Conchúbhar Ó Laoghaire

 

Cúrsaí snámha agus tarrthála

BEIDH cúrsaí snámha agus tarrthála faoi choimirce Sábháilteacht Uisce Éireann á reáchtáil trí Ghaoluinne sa linn snámha i gCúil Aodha idir an 8ú agus an 13ú Lúnasa.

Bíonn an linn snámha ar oscailt do dhaoine fásta amháin gach maidin Dé Máirt, Dé Céadaoin agus Déardaoin óna 7rn go 8rn, agus um thráthnóna Luan go hAoine óna 7in go 8in. Bíonn seisiúin oscailte do gach éinne Luan go hAoine óna 5in go 6in, agus 6in go 7in, agus gach Satharn, Domhnach agus laethanta saoire bainc óna 1in go 2in, agus óna 2in go 3in.

Tá costas €5 do dhaoine fásta nó €3 do pháistí ar gach seisiún snámha, nó is féidir ticéad seachtaine a cheannach ar €10 do dhuine amháin nó €30 don chlann.

Tuilleadh eolais: Facebook – Linn Snamha Chúil Aodha.

 

 

Comments are closed.

Contact Newsdesk: 021 4272722

More Gaeilge

Tugann Acadamh Fódhla cuireadh do bhaill nua

More by this Journalist

Tugann Acadamh Fódhla cuireadh do bhaill nua