Wednesday, September 21, 2016

img_1180

Le Pet Uí Chonaill

IS é ‘Ó Chúil Aodha go Inis Uí Drisceoil’ teideal cheolchoirm a bheidh á chur ar stáitse ag grúpa amhránaithe ó Ghaeltacht Mhúscraí ar oileán beag in Iarthar Chorcaí an deireadh seachtaine seo.

Beidh ‘Guthanna Mhúscraí’, bailiúchán d’amhránaithe áitiúla, ar stáitse mar chuid de chur i láthair tráthnóna ar an Domhnach ar Inis Uí Drisceoil, nó Heir Island.

Ina measc siúd a bheidh ag glacadh páirt ann beidh baill de Chór Ban Chúil Aodha, bunaithe sa bhliain 1985 ag an gcumadóir Peadar Ó Riada, a scríobh dhá mhór-shaothar taifeadta ag an gcór, ‘Laoi na Laoithe’ agus ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’.

I dteannta leo ag casadh amhráin i nGaeilge agus i mBéarla beidh pearsa iomráiteacha eile de stíl amhránaíochta Mhúscraí, Máire Ní Chéileachair, Muintir Luasa, Gobnait Ní Chrualaoí, Muintir Chróinín, Joe Creedon, agus Clár Ní Argáin.

Mhínigh Gobnait Ní Chrualaoí, a bhfuil tithe ag a máthair agus a deartháir ar an oileán, gur dearadh an cur i láthair san Island Cottage Gallery le John Desmond mar chur i láthair ann féin agus slí chun cuairteoirí a mhealladh chuig an oileán beag amach ó chósta Iarthar Chorcaí.

“Tá daoine á dtabhairt chuig an oileán agus na healaíona á dtabhairt dóibh siúd a mhaireann ann chomh maith,” a dúirt sí. “Is rud é a dheineamar anuraidh, agus tugadh an t-airgead a bailíodh don RNLI, agus i mbliana raghaidh an t-airgead go CoAction West Cork.

Tosnóidh an ceolchoirm ar a 3in an Domhnach beag seo, 25ú Meán Fómhair, agus beidh costas €10 ar chead isteach. Beidh an bád farantóireachta ar fáil óna 2in ar aghaidh ó Ché Chonamair, agus é ag filleadh tar éis an cur i láthair.

Tuilleadh eolais ó 087 173 7753/ 085 7037727

Comments are closed.

Contact Newsdesk: 021 4272722

More Gaeilge

Tugann Acadamh Fódhla cuireadh do bhaill nua

More by this Journalist

Tugann Acadamh Fódhla cuireadh do bhaill nua