Tuesday, September 06, 2016
An N22 i mBaile Mhúirne, ag an bpointe ina raghaidh bóthar rochtana i dtreo droichead sealadach thar Abha an tSuláin.

An N22 i mBaile Mhúirne, ag an bpointe ina raghaidh bóthar rochtana i dtreo droichead sealadach thar Abha an tSuláin.

Le Pet Uí Chonaill

TOSNAÍTEAR an tseachtain seo leis an réamhobair ar bhóithre i gceantar Bhaile Mhúirne agus Cúil Aodha sula dtógtar feirm ghaoithe 38 tuirbín ar theorainn Chorcaí-Chiarraí.

Cé nach bhfuil aon dáta tosnaithe socraithe go fóill don obair ar fheirm ghaoithe Chnocán an Phóna féin, cuirfear tús sna laethanta romhainn amach leis an duchtáil a leagadh ar feadh bhóthar Bhaile Mhúirne-Chúil Aodha.

Tuigtear nach mbeidh aon ghá an bóthar idir an dá shráidbhaile a dhúnadh chun an obair sin a éascú.

Mar sin féin, de réir na tuarascála um thrácht tógála atá ag ESB International, nuair atá an cábla faoi thalamh á leagadh d’fhéadfadh go mbeadh gá le dúnadh aon lána idir Acomhal Bharr a’ Chuma agus Baile Mhúirne agus ar chuid den N22 i mBaile Mhúirne; dúnadh bóthair iomláin ó Bhaile Mhúirne go Acomhal na Ceapaí Thiar, agus dúnadh páirteach agus iomlán ar chodanna den bhóthar ag Acomhal na Ceapaí Thiar go bóthar Chum na Cloiche agus Droichead an Gharráin go Baile Uscail.

Tá breis agus 30km de chábla le húsáid chun nascadh gréasáin a sholáthar leis an bhfeirm ghaoithe, togra a cheadaigh An Bord Pleanála i mí Iúil.

Tá cead faighte ag an bhfeirm ghaoithe de chuid ESB Wind Development Ltd le haghaidh tréimhse 25 bliain agus í lonnaithe ar thalamh príobháideach atá ar léas ag an ESB. Beidh airde suas le 80 méadar ag na tuirbíní, trastomhas rótair suas le 112 méadar, agus beidh airde foriomlán uasta 126 méadar ag na struchtúir trí chéile.

Cuirfidh an fheirm ghaoithe, agus na hoibreacha a bheidh i gceist chun í a thógáil, isteach ar 32 baile fearainn lena n-áiritear Cúil Aodha, Doire an Chuilinn, Doirín Álainn, Doire Leathan, Doire na Sagart, Gort na Tiobratan, an Lománach Mhór, an Muirneach Beag, Ré na bPobal, agus an Sliabh Riabhach i gCo Chorcaí. Clúdaíonn príomh-láthair na feirme gaoithe achar thart ar 1,465 heicteár i gCo Chiarraí.

Is éard atá san iarratas rathúil ná leasú agus cónascadh dhá iarratas pleanála roimhe seo a bhronn Comhairle Contae Chiarraí cead ina leith sa bhliain 2010 agus 2012.

Chun an fheirm ghaoithe a thógaint, tógfar droichead cruach sealadach chun seachadadh na dtuirbíní a éascú. Trasnóidh an droichead sin Abha an tSuláin i mBaile Mhúirne agus bainfear arís é tar éis chéim thógála na forbartha.

Cruthófar pointe iontrála sealadach chuig an suíomh ar an N22 agus tógfar bóthar rochtana 5m leathan gan dromchla, le rochtain á fháil ansan ar bhóthar Chúil Aodha an L3400.

Mar chuid de thógáil an droichid sealadach caithfear cuid den chrannteorainn ar feadh an N22, cuid den fhál ar bhóthar Chúil Aodha agus roinnt crann ar bhruach an tSuláin a ghearradh.

Mar fhreagra ar iarratas ó An Bord Pleanála le haghaidh tuilleadh eolais ar na pleananna, tá an lucht forbartha tiomanta na crainn agus fálta a athphlandáil “ag úsáid na speicis chéanna atá ann faoi láthair nuair a dhéantar díchoimisiúnú ar an rochtain sealadach” agus deir siad “tá suntas éiceolaíoch an tionchair seo diomaibhseach agus beag go maith i ndáiríre”.

Dúirt siad chomh maith: “Gearrfar roinnt crann fuinseoige agus sailí ar bhruach na habhann ionas gur féidir an droichead sealadach a chur isteach.”

Táthar ag súil go gcomhlíonfar seachadadh na dtuirbíní go feirm ghaoithe Chnocán an Phóna thar tréimhse thart ar naoi mí.

 

 

Ciste pobail ar fáil do ghrúpaí áitiúla

BEIDH pobail Bhaile Mhúirne agus Chúil Aodha i gcroílár chéim thógála feirm ghaoithe Chnocán an Phóna agus d’fhéadfadh go mbeadh roinnt buntáistí ann don cheantar áitiúil dá réir.

Tá roinnt grúpaí áitiúla tar éis litreacha a sheoladh go ESB International ag iarraidh orthu cábla snáthoptaice a leagadh fad atá duchtáil á cur síos acu ar feadh bóthar Bhaile Mhúirne-Chúil Aodha, ionas go mbeadh an ceantar ullamh d’infhaighteacht an leathanbhanda ardluais.

Lena chois sin, tá ciste pobail curtha ar fáil ag ESB Wind Energy le linn céim thógála an tionscadail, le tacaíocht tugtha acu cheana féin do roinnt tionscadal lena n-áirítear tógáil falla cuimhneacháin i gCúil Aodha, atá ar bun faoi láthair.

Beidh grúpaí áitiúla in ann iarratas a dhéanamh ar phríomh-Chiste Pobail an chomhlachta chomh maith nuair atá an fheirm ghaoithe i mbun feidhme.

 

Slug

 

Drúchtín Chiarraí faoi chaibidil arís sa phróiseas pleanála

CHUN riachtanais phleanála a shásamh, bhí ar lucht forbartha fheirm ghaoithe Chnocán an Phóna taighde a dhéanamh ar bhaoil tuilte agus tionchair ionchasacha ar ghnáthóga agus speicis faoi chosaint lena n-áirítear sciatháin leathair agus madraí uisce, ní hamháin ag suíomh na feirme gaoithe féin ach ag láthair droichid sealadach atá le tógaint i mBaile Mhúirne, agus ar feadh bealach an chábla faoi thalamh.

Lorg an Bord Pleanála roinnt eolais mionsonrach ón lucht forbartha maidir leis na tionchair ionchasacha a bheidh ag an bhforbairt ar an timpeallacht, lena n-airítear rioscaí cobhsaíocht mhóna agus tionchair ionchasacha ar chlár pórúcháin an iolair mhara i bPáirc Náisiúnta Chill Airne nach bhfuil ró-fhada ó láthair na feirme gaoithe.

Ach ceann de na speicis a raibh roinnt imní ina leith ná an Drúchtín Ballach nó Drúchtín Chiarraí, a bhfuil clú air go háitiúil dá ról in athródú agus moilliú an dul chun cinn ar sheachbhóthar an N22 toisc go maireann sé sa choillearnach mórthimpeall ar Bhaile Mhúirne.

Tá Drúchtín Chiarraí go mór faoi chosaint in Éirinn agus tá éinne a ghabhann, a mharaíonn nó a chuireann isteach d’aon ghnó d’eiseamal fiáin, nó éinne a dhéanann damáiste nó a scriosann a láthair phórúcháin, ciontach as cion.

Dearbhaíodh láithreacht Dhrúchtín Chiarraí in dhá áit ina bhfuil oibreacha bóthair beartaithe agus ag suíomh na feirme gaoithe agus tá tréaniarracht á dhéanamh ag na hiarratasóirí a chinntiú nach mbeidh an gastrapód ‘Geomalacus maculosus’ mar chúis le stopadh an tionscadail faoi mar a tharla leis an N22.

De bharr roinnt imní a léirigh an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra i dtaobh díobháil do ghnáthóg Dhrúchtín Chiarraí in aice le Coill an Easa agus ar feadh coillearnach ar thaobh an bhóthair, lorgaíodh suirbhé mionsonrach, chun scrúdú a dhéanamh ar dhrúchtíní agus mion-ghnáthóga oiriúnacha ar feadh bhealadh an chábla agus bealach seachadta na dtuirbíní sa chás go n-éilítear leathnú an bhóthair, agus ae feadh bóithre rochtana inmheánacha.

Dúirt ESB Wind Development maidir leis an sciar den bhealach a ghabhann trí limistéar caomhantais speisialta Choill Ghobnatan, beidh an cábla go hiomlán faoin mbóthar poiblí ach chun “deireadh a chur le haon ábhar imní ón roinn”, cuireadh suirbhé i gcrích maidir le Drúchtín Chiarraí.

Cuireadh in iúl sa tuarascáil sin go bhféadfadh an chábláil agus na hoibreacha bóthair dochair díreach a dhéanamh do chodanna beaga de ghnáthóg Dhrúchtín Chiarraí.

“Beidh an dochar gnáthóige seo srianta chuig réimsí ar thaobh an bhóthair agus ní bheidh ach tionchar diomaibhseach ar leithdháileadh foriomlán de ghnáthóg Dhrúchtín Chiarraí sa cheantar bunaithe ar leithdháileadh fhairsing na ngnáthóg comhchosúil ar fud limistéar níos leithne an staidéir. Glactar leis dá réir go mbeidh an tionchar ionchasach seo ina thionchar díobhálach diomaibhseach.”

Bhain an tuarascáil de thátal as go mbeadh seans nach bhféadfaí roinnt básanna drúchtíní a sheachaint mar sin féin.  “Le linn na tógála, d’fhéadfadh go mbeadh oibreacha mar chúis le bás roinnt Drúchtíní Chiarraí aonair de bharr gluaiseachtaí meaisín agus nó oibreacha tochailte i limistéir na ngnáthóg oiriúnach.”

Chun an tionchar ionchasach ar dhaonra áitiúil an drúchtín a íoslaghdú, moltar idirghabháil díreach sa tuarascáil. “Díreach sula dtosaítear i mbun oibre in áiteanna gnáthóige oiriúnach, seiceálfaidh an t-éiceolaí tionscadail le haghaidh láithreacht Dhrúchtín Chiarraí. Más rud é go n-aimsítear an drúchtín ann bogfar é go gnáthóg oiriúnach eile sa cheantar máguaird.”

 

Comments are closed.

Contact Newsdesk: 021 4272722

More Gaeilge

Tugann Acadamh Fódhla cuireadh do bhaill nua

More by this Journalist

Tugann Acadamh Fódhla cuireadh do bhaill nua