Tuesday, November 01, 2016
Gobnait Ní Chrualaoí. Grianghrafadóir: Tadhg Ó Conaill

Gobnait Ní Chrualaoí. Grianghrafadóir: Tadhg Ó Conaill

Conchubhar Ó Luasa. Grianghrafadóir: Clive Wasson

Conchubhar Ó Luasa. Grianghrafadóir: Clive Wasson

 

Le Pet Uí Chonaill

NÍ bheidh mórán amhránaithe nó Gaeilgeoirí fágtha i gceantar Mhúscraí an tseachtain seo leis na sluaite ag taisteal thar teorainn an chontae go Cill Airne do phríomhfhéile náisiúnta na nGael, Oireachtas na Samhna.
Síltear go mbeidh an líon is mó daoine ó Mhúscraí ag freastal ar agus ag glacadh páirt sna comórtais éagsúla i gcaitheamh na seachtaine, agus ceathrar ón gceantar san iomaíocht sa phríomhchomórtas sean-nóis, Corn Uí Riada.
Tá Máire Ní Chéileachair, Eibhlís Uí Thuama, Conchubhar Ó Luasa, agus Gobnait Ní Chrualaoí go léir sa tóir ar an gcorn, a bhuaigh Nell Ní Chróinín ó Bhéal Átha’n Ghaorthaidh dhá bhliain ó shin – an chéad amhránaí a thug an corn, atá mar príomhdhuais an Oireachtais agus atá ainmnithe i ndiaidh an cumadóir Seán Ó Riada, abhaile go Múscraí.
Chomh maith leis na comórtais ardán, tá scríbhneoirí áitiúla san iomaíocht do dhuaiseanna liteartha an Oireachtais amárach, agus beidh amhránaithe Chill na Martra ag glacadh páirt i gceolchoirm na gcór Gaelacha in Óstán an Gleneagle ar a 5.30in ar an Satharn.
Ag tosnú ar a 7.30in amárach, mar chuid den Oireachtas, beidh Dámhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn ar siúl in Óstán Ghobnatan, Baile Mhúirne, tar éis a cuireadh ar athló é i mí Lúnasa in ómós don Mhoinsíneoir Ó Fiannachta.
Is é cumadóir Chúil Aodha, Peadar Ó Riada, a chuirfidh i láthair Ceolchoirm an Oireachtais, ‘Ónár gCroí’ beo ar TG4 ar a 10.30in an Déardaoin seo san INEC, le híonna speisialta agus ceol óna albam nua, ‘Onóir’.

Máire Ní Chéileachair. Grianghrafadóir: Clive Wasson

Máire Ní Chéileachair. Grianghrafadóir: Clive Wasson

Iomaitheoirí Mhúscraí:
Daoine fásta: Corn Mháire Nic Dhonnchadha: Síle Uí Luasa, Screathan, Cúil Aodha.
Corn Cuimhneacháin Amhránaithe Sean-Nóis Chonamara: Cormac Ó hAodha, Cúil Aodha; Seán Ó Luasa, Screathan, Seán Seosaimh de Búrca, Baile Mhuirne.
Corn Cuimhneacháin Sheáin Óig Uí Thuama d’amhránaithe faoi bhun 35 bliain d’aois:
Aoife Ní Mheachair, Doire an Chuilinn; Danielle Ní Chéilleachair, Cúil a Bhuacaigh; Muireann Ní Luasa, Screathan; Síle Ní Shuibhne, Cnoc an Iúir, Baile Mhic Íre.
Corn Cuimhneacháin Amhránaithe Sean-Nóis Mhúscraighe: Diarmuid Ó Meachair, Doire an Chuilinn.
Sean-Nós na mBan: Gobnait Ní Chrualaoí, Túnláin, Baile Mhic Íre.
Sean-Nós na bhFear: Seosamh Ó Críodáin, Sráid Nua, Maigh Chromtha; Liam Ó Cróinín, Na Curraithe, Béal Átha’n Ghaorthaidh.
Dreas Cainte: Betsy Ní Shuibhne, Cúil Aodha; Concubhar Ó Liatháin, Doire an Chuilinn.
Scéalaíocht: Sean Seosaimh de Búrca, Baile Mhúirne.
Sceitse: Aisteoirí Cill na Martra.
Lúibíní: Seosamh Ó Críodáin & Seán Ó Muimhneacháin, Cúil a’ Bhuacaigh.
Amhránaíocht Aonair nach Sean-Nós í: Seán Seosaimh de Búrca.
Amhrán Nuachumtha: Sean Seosaimh de Búrca, Baile Mhuirne; Seán Ó Muimhneacháin; Concubhar Ó Liatháin.

Eibhlís Uí Thuama. Grianghrafadóir: Tadhg Ó Conaill

Eibhlís Uí Thuama. Grianghrafadóir: Tadhg Ó Conaill

Daoine óga: Amhránaíocht ar an Sean-Nós: faoi 9: Kayla Ní Éalaithe, Baile Mhic Íre; Seán Ó Súilleabháin, Cluain Droichead; Caireann Ní Loingsigh, Lios Carragáin, Baile Mhic Íre; Eoin Ó Céilleachair, Daingean na Saileach, Baile Mhic Íre, Lúc Ó Liatháin, Scoil Cúil Aodha/Barr d’Ínse.
Amhránaíocht ar an Sean-Nós: 9-12: Ellen de Búrca, Cill na Martra, Conor Ó Súilleabháin, Barr an tSeanchnoic; Cian Ó hÉalaithe, Lios Carragáin; Lauren Ní hAodha, Baile Mhic Íre; Orlaith Ní Loingsigh, Lios Carragáin; Sadhbh Ní Cheallaigh, Doire an Chuilinn; Ailbhe Ní Riordáin, Scoil Chúil-Aodha/Barr d’Ínse; Danú Ní Liatháin, Doire an Chuilinn; Katie Ní Liatháin, Scoil Chúil-Aodha/Barr d’Inse; Aisling Breathnach, Baile Mhic Íre.
Amhránaíocht ar an Sean-Nós: 15-18: Colm Ó Meachair, Doire an Chuilinn.
Scéalaíocht: 12-15: Aodhagán Ó Riordáin, Scoil Lachtaín Naofa, Cill na Martra.
Agallamh Beirte faoi 12: Laura & Emma Ní Ailíosa; Aoise Ní Mhainnín & Lucy Ní Aodha, Adam Ó Duinnín & Dara Ó Súilleabháin; Iseult Ní Ríordáin & Micheál Ó Céilleachair, Finín Ó Conaill & Julie Ní Mhocháin, go léir ó Scoil Lachtaín Naofa, Cill na Martra. Abbie Ní Loingsigh & Elijah Mac Roibeáird, Abbie Ní Loingsigh & Jack Ó Loingsigh, SN Réidh na nDoirí; Luc Ó Liatháin & Tadhg Ó Ceallaigh, Scoil Chúil-Aodha/Barr d’Ínse; Cillian & Conall Mac Suibhne, Gort an Éadain; Caitríona Ní Chatháin & Eimear Ní Shuibhne, Scoil Chúil-Aodha/Barr d’Ínse; Ciarán Ó Criodáin & Fiona de Róiste, Scoil Abán Naofa, Baile Mhúirne; Keelin Ní Laoire & Éadaoin Ní Ríordáin, Scoil Fhionnbarra, Béal Átha’n Ghaorthaidh; Lauren Ní hAodha & Nora Ní Thuama, Scoil Abán Naofa; Breanna Ní hIcidhe & Darragh Ó Murchú, Scoil Abán Naofa; Jeremiah Mac Suibhne & Adrian Ó Cathasaigh, Scoil Abán Naofa; Jamie Ó Doinn & Ailín Ní Laoire, Scoil Fhionnbarra; Eadaoin de hÍde & Nancy Ní Thuama, Scoil Abán Naofa; Kayla Ní Éalaithe & Orlaith Ní Loingsigh, Baile Mhic Íre.
Agallamh Beirte: 12-15: Aodhagán Ó Riordáin & Hannah Ní Mhocháin, Scoil Lachtaín Naofa; Fia Ní Mhainnín & Eliza Ní Dhugaill ChinnSeamháin, Scoil Lachtaín Naofa; Ellen de Búrca & Kate Ní Urdail, Scoil Lachtaín Naofa; Chloe Ní Chiardha & Jenny Nic Phól, Coláiste Ghobnatan; Ciara Ní Chriodáin & Jack O Murchú, Scoil Abán Naofa; Caoimhe Ní Chárthaigh & Danny Ó Críodáin, Scoil Fhionnbarra.
Agallamh Beirte 15-18: Liam Ó Conaill & Caitríona Ní Chonaill, Coláiste Ghobnatan; Meabh Ní Chonaill & Caitríona Ní Chonaill, Coláiste Ghobnatan.
Lúibíní faoi 12: Hannah Ní Mhocháin & MaryEllen Ní Chéilleachair, Scoil Lachtaín Naofa; Iseult Ní Ríordáin & Aoise Ní Mhainnín, Scoil Lachtaín Naofa; Katie Ní Liatháin & Sadbh Ní Cheallaigh, Scoil Chúil-Aodha/Barr d’Ínse; Liadh Ní Dhuinnín & Joanne Ní Cheallaigh, Scoil Chúil-Aodha/Barr d’Ínse.
Lúibíní 12-15: Eimear Ní Luasa & Lucy de hÍde, Coláiste Ghobnatan.
Lúibíní: 15-18: Eoin Ó Conaill & Jack Ó hÉalaithe, Coláiste Ghobnatan.

Comments are closed.

Contact Newsdesk: 021 4272722

More Gaeilge

Tugann Acadamh Fódhla cuireadh do bhaill nua

More by this Journalist

Tugann Acadamh Fódhla cuireadh do bhaill nua