Wednesday, October 19, 2016
Peadar Ó Lionáird agus Máirín Uí Lionáird ó Folláin a bhuaigh 10 ngradam Blas na hÉireann, lena n-áirítear an duais foriomlán ‘Rogha na Gaeltachta’, urraithe ag Údarás na Gaeltachta. Grianghrafadóir Valerie O’Sullivan

Peadar Ó Lionáird agus Máirín Uí Lionáird ó Folláin a bhuaigh 10 ngradam Blas na hÉireann, lena n-áirítear an duais foriomlán ‘Rogha na Gaeltachta’, urraithe ag Údarás na Gaeltachta. Grianghrafadóir Valerie O’Sullivan

 

Le Pet Uí Chonaill

TÁ poitéinseal fáis na hearnála bia agus an tábhacht atá leis an earnáil sin d’eacnamaíocht na Gaeltachta tagtha chun solais leis na torthaí iontacha do tháirgeoirí Mhúscraí ag gradaim Blas na hÉireann le déanaí.

Mhol Dónal Ó Liatháin, Bainisteoir Réigiúnach Údarás na Gaeltachta, obair na ngnólachtaí bia i Múscraí le ceithre chomhlacht ón gceantar ag tabhairt leo líon iomlán trí ghradam déag, an duais foriomlán Rogha na Gaeltachta ina measc, ag Féile Bia Daingean Uí Chúis.

Ba é an comhlacht suibhe Folláin, a d’oscail foirgneamh nua i mBaile Mhúirne le déanaí, a bhuaigh príomh-dhuais na Gaeltachta, urraithe ag Údarás na Gaeltachta.

Ní raibh ansan ach ceann amháin de 10 ngradam a bhuaigh Folláin, le ceithre ghradam óir, dhá ghradam airgead, agus trí ghradam cré-umha á fháil acu dá gcuid subh, seatnaí, anlann goinbhlasta, mustard, glóthach agus anlann seacláide.

Declan Allen, Putóg Teo, leis an gradam cré-umha a bhuaigh De Róiste Black Pudding. Grianghrafadóir Valerie O’Sullivan

Declan Allen, Putóg Teo, leis an gradam cré-umha a bhuaigh De Róiste Black Pudding. Grianghrafadóir Valerie O’Sullivan

 

Bhí ceiliúradh chomh maith do dhá chomhlacht eile ó Bhaile Mhúirne, nuair a bhuaigh Putóg De Róiste an gradam cré-umha i rannóg na bputóg dubh, agus bhí gradam cré-umha leis do ghrúdlann Fia Bán dá mbeoir saor ó ghlútan ‘Saor’ i rannóg na mbeorach agus lágar.

Don Ó Laoire, Fia Bán, buaiteoir bonn cré-umha i rannóg na mbeorach agus lágar, dá mbeoir saor ó ghlútan Saor ag Blas na hÉireann le linn Féile Bia Daingean Uí Chúis. Grianghrafadóir Valerie O’Sullivan

Don Ó Laoire, Fia Bán, buaiteoir bonn cré-umha i rannóg na mbeorach agus lágar, dá mbeoir saor ó ghlútan ‘Saor’ ag Blas na hÉireann le linn Féile Bia Daingean Uí Chúis. Grianghrafadóir Valerie O’Sullivan

 

Bhí comhlacht Bhéal Átha ’n Ghaorthaidh, Bia Gan Breise, mar bhuaiteoir i rannóg na réamh-mheascán (milis), leis an ngradam óir á thabhairt leo acu dá dtaos brioscaí seacláide.

Dúirt Dónal Ó Liatháin: “Tá an-áthas orainn a bheith ag tacú leis na comhlachtaí seo agus táimid mórálach as an méid atá bainte amach acu.

“Tá na gradaim seo tuillte go maith acu de bharr an obair chrua a dhéanann siad.  Tá earnáil an bhia ar an earnáil dhúchasach is mó in Éirinn agus aithníonn an tÚdarás poitéinseal fáis na hearnála seo agus an tábhacht atá léi d’eacnamaíocht na Gaeltachta.

“Táimid ag tacú le fiontair bhia bhreisluacha, nuálaí agus margadh-dhírithe ar fud na Gaeltachta, áit ina bhfuil roinnt de na brandaí bia is mó aitheanta sa tír á dtáirgeadh ann.”

Conor Dempsey agus Jonathon Dawson, Bia Gan Breise Teo, a thug leo ar duais is airde sa chatagóir Réamh-mheascán (milis), leis an mbonn óir á fháil acu dá dtaos brioscaí ‘Gookies’. Grianghrafadóir: Valerie O’Sullivan

Conor Dempsey agus Jonathon Dawson, Bia Gan Breise Teo, a thug leo ar duais is airde sa chatagóir réamh-mheascán (milis), leis an mbonn óir á fháil acu dá dtaos brioscaí ‘Gookies’. Grianghrafadóir: Valerie O’Sullivan

Comments are closed.

Contact Newsdesk: 021 4272722

More Gaeilge

Tugann Acadamh Fódhla cuireadh do bhaill nua

More by this Journalist

Tugann Acadamh Fódhla cuireadh do bhaill nua