Tuesday, December 06, 2016

buffalo-group

An fhoireann ó Tháirgí Cáise Buabhaill Mhaigh Chromtha ag ceiliúradh tar éis dóibh an bonn óir a bhuachaint ag Gradaim Cháise an Domhain. Grianghrafadóir: Pet Uí Chonaill

 

Le Pet Uí Chonaill

BA mhór an ionadh a bhí ar roinnt mhaith daoine nuair a thug Johnny Ó Loingsigh an chéad tréad buabhall crúite in Éirinn chomh fada le páirceanna Chill na Martra sa bhliain 2009.

Anois, agus iad sa dara bliain de tháirgeadh cáise, tá an comhlacht Táirgí Cáise Buabhaill Mhaigh Chromtha tosnaithe ag mealladh airde ar bhonn idirnáisiúnta chomh maith.

D’éirigh le Táirgí Cáise Buabhaill Mhaigh Chromtha éacht de shórt a bhaint amach le déanaí ag Gradaim Cháise an Domhain i San Sebastian na Spáinne le ceann de na boinn óir á bhuachaint acu dá gcuid cáise mozzarella.

Cheannaigh Johnny a chéad tréad buabhall san Iodáil, baile dúchais an mozzarella, agus dá réir sin bhain sé an-sult as an mbua i gcoinne iomaitheoirí na hIodáile agus iomaitheoirí idirnáisiúnta eile mar tagarmharc uasta na rathúlachta.

“Rud ollmhór é,” a dúirt sé. “Bhíomar san iomaíocht i gcoinne cáis mozzarella na hIodáile agus scoth na dtáirgeoirí cáise. Déanann seisear déag moltóirí blaiseadh dall agus bíonn os cionn 3,000 cáis i gceist ann.

“Táimid thuas ar chomhchéim lena leithéidí Cashel Blue agus Gubbeen – níl ach dornán cáiseanna in Éirinn a fhaigheann an bonn óir seo.

“Níl cáis á tháirgeadh againn ach le bliain go leith, mar sin is iontach an t-éacht é seo dúinn. Níor shamhlaíomar riamh go mbeimis anseo chomh tapaigh.”

Fiú sula raibh deis ag an gcomhlacht pacáistiú nua a phriontáil le lógónna Gradaim Cháise an Domhain air bhí na fiosrúcháin ag teacht isteach ó chustaiméirí ionchais ag iarraidh an Macroom Buffalo Mozzarella a ordú, tar éis dóibh scéal an bhua a chlos.

“Tá na horduithe méadaithe go mór, agus níl na greamáin le lógó Gradaim Cháise an Domhain againn in aon chor fós, agus tá na hollmhargaí ag glaoch ag iarraidh orainn bheith i láthair ina gcuid siopaí,” a mhínigh Johnny.

buffalo-sign

Tá cáis de chuid Táirgí Cáise Buabhaill Mhaigh Chromtha ar fáil ar bhonn náisiúnta cheana féin in ollmhargaí Musgraves, agus is siopaí Tesco, Dunnes Stores, i roinnt siopaí Aldi, agus tá an cháis á dáileadh ar bhonn mórdhíola ag Horgans, Pallas, agus Lilliput Trading, agus ag margaí na bhfeirmeoirí trí mheán Olives West Cork.

Tá an oiread sin spéise sa cháis, ach dá ainneoin méadú an tsoláthair bliain ar bhliain tá Johnny agus a fhoireann faoi bhrú i gcónaí freastal ar an éileamh.

“Tá ár dtáirgeadh bainne méadaithe 20% i mbliana ach tá ag éirí linn é ar fad a dhíol.

“Tá na gamhna baineanna ar fad á gcoimeád againn ionas go bhfuil 72 buabhall á gcrú anois againn agus méadóimid nach mór 20% gach bliain. Bainfimid amach an toilleadh ar an talamh atá againn faoi cheann trí bliana.”

Ag an bpointe sin, caithfear roinnt cinntí a dhéanamh maidir le leathnú breise, agus táthar ag féachaint ar mhargadh na Breataine cheana féin, toisc nach bhfuil aon chuid dá tháirgí á easpórtáil ag an gcomhlacht faoi láthair.

Ríthábhachtach do rath an chomhlachta é an cáiseoir Seán Ferry, a bhfuil 30 bliain taithí aige sa cheird agus é thar a bheith díograiseach faoi.

Dhá lá gach seachtain tosnaíonn Seán níos déanaí ná mar is gnáth agus ní bhíonn air a thigh i Scoil Mhuire, Iarthar Chorcaí a fhágaint go dtí 5rn. Na laethanta eile tugann sé aghaidh ar Chill na Martra ar a 3rn chun tús a chur le táirgeadh cáise an lae, ionas go mbeadh mozzarella an lae sin ullamh le dáileadh.

Tar éis dó tamall de bhlianta a chaitheamh ag táirgeadh cáis chrua in Iarthar Chorcaí, ag déanamh cáiseanna Gabriel and Desmond i stíl na hEilvéise, tá Ferry bogtha anois chuig taobh eile an speictream cáise leis an mozzarella bog, ar féidir a ithe an lá a táirgtear í agus seilfré trí seachtaine aici.

Tá sé siúd tar éis glacadh chomh maith leis an mbua ag Gradaim Cháise an Domhain mar dhearbhú ar na modhanna táirgthe ag Táirgí Cáise Buabhaill Mhaigh Chromtha, ag leanúint ar aghaidh ó ghradam eile i mbliana ag Gradaim Idirnáisiúnta Great Taste.

“Táimid san iomaíocht le scoth na gcáiseanna mozzarella, agus an bua faighte anois againn ar na hIodálaigh ina gceird féin… tá a fhios againn go bhfuil rud éigin á dhéanamh i gceart againn,” a dúirt Seán.

Agus deir Johnny gur é féar Chill na Martra an rud éigin sin.

“Ceapaim gur toisc go bhfuilid á gcothú le féar. Bíonn siad lasmuigh naoi mí sa bhliain, ach i dtíortha eile bíonn grán buí á ithe acu agus bíonn siad istigh faoi dhíon ó cheann ceann na bliana,” a d’áitigh sé.

Tá líon iomlán 200 buabhall ag Johnny anois, le 140 díobh á gcoimeád ar an bhfeirm 150 acra i gCill na Martra, agus an chuid eile acu á choimeád ar fheirm eile.

Tá áis nua táirgthe cáise an chomhlachta ar an bhfeirm i gCill na Martra chomh maith, áit ina bhfuil an bainne buabhall á iompú isteach i gcáis sailéid sa stíl Ghréagach agus Haloumi, chomh maith leis an mozzarella gan dabht.

Cuid ríthábhachtach de rath an chomhlachta sa margadh intíre í an tacaíocht atá faighte go dtí seo ó Údarás na Gaeltachta.

“Tá an tÚdarás dochreidte,” a dúirt Johnny. “Tá cúnamh tugtha acu dúinn le traenáil agus deontais forbartha, agus tá cúnamh tugtha acu dúinn le taighde agus forbairt cáiseanna eile.”

Dúirt Steve Ó Cualáin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta : “Tá an-áthas orainn go bhfuil ar ár gcumas comhghairdeas a ghabháil leis an bhfoireann trí chéile ag Táirgí Cáise Buabhaill Mhaigh Chromtha as an ngradam mór seo a bhí tuillte go maith acu.”

“Léiríonn an gradam seo caighdeán na dtáirgí bia gur féidir a sheachadadh ar bhonn domhanda ónár gceantair Ghaeltachta a bhuíochas le hobair dhian ár dtáirgeoirí agus an tacaíocht agus comhoibriú gur féidir le Údarás na Gaeltachta a sholáthar.”

Mheall Gradaim Cháise an Domhain iarratais ó 31 tír i mbliana, le 266 saineolaithe cáise ó 26 náisiún ag teacht le chéile i dTír na mBascach chun os cionn 3,000 cáis a bhlaiseadh agus a ghrádáil in aon lá amháin.

Comments are closed.

Contact Newsdesk: 021 4272722

More Gaeilge

Tugann Acadamh Fódhla cuireadh do bhaill nua

More by this Journalist

Tugann Acadamh Fódhla cuireadh do bhaill nua