Tuesday, November 22, 2016
Diarmuid Ó Súilleabháin

Diarmuid Ó Súilleabháin

Le Pet Uí Chonaill

Tá seó stáitse ag léiriú céad bliain i saol na Gaeltachta;  amhránaithe ó Albain; agus Club na Féile bríomhar le Pádraig Ó Sé agus a chairde i measc na ngnéithe nua ar an gclár le haghaidh Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin.

Ócáid mhór atá i dteacht le chéile na n-amhránaithe, na gceoltóirí agus na rinceoirí i Baile Mhúirne agus Cúil Aodha i mbliana, an 25ú Éigse eagraithe i gcuimhne ar Dhiarmuid Ó Súilleabháin, amhránaí agus craoltóir ó Chúil Aodha, a cailleadh go tragóideach sa bhliain 1991.

I gcaitheamh na tréimhse ceathrú céad sin tá an Éigse, a bhfuil a coiste eagraíochta déanta suas don chuid is mó de ghaolta Dhiarmuidín, imithe ó neart go neart agus í anois ar cheann de na mórimeachtaí ar fhéilire na n-ealaíon, ag tarraingt amhránaithe agus ceoltóirí ó chian is ó chóngar go Gaeltacht Mhúscraí i mí na Nollag gach bliain.

Reáchtálfar Éigse na bliana seo taobh le comhdháil mhór ar an bhfile Seán Ó Ríordáin, ‘Comhdháil ar Smaointeoireacht an Ríordánaigh’ in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, a thosnóidh ar an 1ú Nollaig.

Déanfaidh duine de na filí a bheidh páirteach sa chomhdháil, Liam Ó Muirthile, oscailt oifigiúil na hÉigse, ar a 9in ar an Déardaoin, 1ú Nollaig sa Mhuileann.

An lá dar gcionn in Áras Éamonn Mac Suibhne, Cúil Aodha, beidh seó nua Gaeltachta ‘Aisling?’ chun ceiliúradh a dhéanamh ar 1916. Scéal 100 bliain na Gaeltachta is ea é, á chur i láthair ar stáitse le rogha litríochta, ceoil, amhrán, agus rince, snoite le chéile go téamúil, ealaíonta, ina mbeidh coimisiúin úra fite fuaite le hábhair ó thobair an dúchais.

Is iad Máiréad Ní Mhaonaigh, Ciarán Ó Maonaigh, Pól Ó Ceannabháin, Méabh Ní Bheaglaoich, Johnny Óg Connolly, Breandán de Gallaí, Ríonach Ní Néill, Caoimhín Ó Fearghaíl, agus Róisín Seoighe na haíonna a bheidh páirteach sa seó, a thosnóidh ar a 8in, le seisiún cheoil sa Mhuileann ina dhiadh, le Conal Ó Gráda, Máighréad Ní Luasa agus Tomás Dunne.

Gach bliain, tagann scoth na gceoltóirí, na n-amhránaithe agus na rinceoirí go Baile Mhúirne chun ceardlanna na hÉigse a mhúineadh, agus ní haon eisceacht í an bhliain seo.

Is iad Derek Hickey (bosca ceoil); Liam O’Connor (fidil); Mary MacNamara (consairtín); Muireann Nic Amhlaoibh (amhránaíocht); Leonard Barry (píobaí uilleann); Geraldine Cotter (feadóg stáin); Eamon Cotter (feadóg mhór); Oisín Morrison (cruit); agus Ronan Regan (rince ar an sean nós) na múinteoirí do na ceardlanna, a bheidh ar siúl ar an Satharn idir a 10rn agus 12.30in, san Ionad Cultúrtha agus Coláiste Ghobnatan.

Tar éis seisiún na n-óg in Óstán Ghobnatan le CCÉ Lachtaín Naofa ar a 1in, beidh léacht léiritheach ar a 2in san Ionad Cultúrtha. ‘Ceol agus Amhránaíocht Thraidisiúnta i gComhthéacs 1916’ é teideal an léachta ar chúrsaí ceoil traidisiúnta i 1916, le Liam agus Mick O’Connor.

Beidh rince, ceol, amhránaíocht agus spórt sa Mhuileann i dteannta le Shane Creed agus a chairde, óna 4in, roimh cheolchoirm na hÉigse ar a 8in i gCúil Aodha.

Ar an gclár beidh na múinteoirí na gceardlann, chomh maith le triúr ó Albain – Ailean Domhullanach, Kathleen McInnes agus Sineag McIntire – agus Mick O’Connor, Éamon Cotter, John Kelly, Éamon McGivney, Peadar Ó Riada, agus Cór Chúil Aodha.

Beidh rogha siamsaíochta déanach ar an Satharn, idir Cruinniú na nAmhránaithe sa Mhuileann, Club na Féile sa Mhuileann le Pádraig Ó Sé, Michelle Uí Shé, Gary Ó Briain, agus Muireann Nic Amhlaoibh, nó seisiún ceoil in Óstán Ghobnatan.

Tosnóidh imeachtaí ar an Domhnach le hAifreann na hÉigse le Cór Chúil Aodha i Séipéal Chúil Aodha ar a 10rn, á leanúint ag Margadh na Nollag in Áras Éamon Mac Suibhne ar a 11rn agus aithriseoireacht Albanach sa tsean-shéipéal i Reilig Ghobnatan ar a 12 meán lae.

Ar a 1:00in tosnóidh an Amhránathon bliantúil, le hamhránaíocht gan-stad chun airgead a bhailiú do scéim Aisling Gheal, agus beidh a thuilleadh amhrán á gcasadh i mBarr a’ Chuma tar éis a 3in, leis an ócáid ‘A Noble Call’ faoi stiúir Eibhlís Uí Thuama.

Eolas: www.eigse.ie

 

RnaG i mBaile Mhúirne

BEIDH Raidió na Gaeltachta ag craoladh beo ó Bhaile Mhúirne le linn Éigse Diarmuid Uí Shúilleabháin, lena n-áirítear an clár ‘An Saol ó Dheas’ ar an Aoine, 2ú Nollaig ar a 12.08in, agus ‘Cuireadh Chun Ceoil’ níos déanaí an lá céanna, ar a 7in.

Ar a chlár ‘Cuireadh Chun Ceoil’ fógróidh Peadar Ó Riada an cúigear déag ceoltóir a bheidh san iomaíocht i mí Feabhra do Bhonn Óir Seán Ó Riada, agus fógrófar moltóirí an chomórtais chomh maith.  Is iad an chláirseach agus na píobaí na huirlisí i mbliana, agus beidh ceol le cuid de na hiomaitheoirí sa chomórtas ar an gclár.

Ar an Satharn 3ú Nollaig, beidh an clár ‘Togha agus Rogha’ le Pádraig Ó Sé  beo ón Muileann, ag tosnú ar a 12.08in.

Comments are closed.

Contact Newsdesk: 021 4272722

More Gaeilge

Tugann Acadamh Fódhla cuireadh do bhaill nua

More by this Journalist

Tugann Acadamh Fódhla cuireadh do bhaill nua