Wednesday, February 15, 2017

Colmán Ó Cruadhlaoich, gar-nia ‘Gaedheal na nGaedheal’, Peadar Ó Riada, Seamus Ó Laoire, Betsy Ní Shuibhne agus Máire Mhic Gearailt ag nochtadh leac cuimhneacháin do Phádraig Ó Cruadhlaoich – ‘Gaedheal na nGaedheal’ – i reilig Ghobnatan, Baile Mhúirne.

 

Le Pet Uí Chonaill

TÁ rud a thosnaigh mar thogra mílaoise ag díriú ar thraidisiún  amhránaíochta Mhúscraí tar éis forbairt isteach i ngrúpa taighde ‘smaointeoireachta’ le ceithre dhisciplín, iad ar fad atá ag cur fáilte faoi láthair roimh bhaill nua.

Tá ceithre dháimh anois ag ollscoil scairte nua-aimseartha, Acadamh Fódhla – dáimh talamhaíochta, dáimh amhránaíochta, dáimh fuinnimh agus dáimh staire – agus tá cuireadh á thabhairt acu ar fad don phobal áitiúil a bheith páirteach iontu.

Tagann gach dáimh le chéile i nGaeltacht Mhúscraí uair sa tseachtain, lena mbaill i mbun taighde ina gcuid réimsí ar leith agus iad ar fad i mbun comhairle leis an gcuid eile dá ngrúpa chomh maith.

Tá toraíocht agus taighde eolais mar phríomhthréithe ag an Acadamh.

Is iad aidhmeanna an Acadaimh ná taighde léannta a dhéanamh ar na hiarsmaí atá fágtha de chultúr na nGael; torthaí a gcuid saothair a chur ar fáil don phobal; agus scoláireacht agus léann Gaelach a chur chun cinn.

Tá an chéad dáimh a bunaíodh, an Dáimh Amhránaíochta gafa i mbun taighde i dtaca le réimse na hamhránaíochta traidisiúnta sean-nóis i nGaeltacht Mhúscraí.

Mhínigh ball bunaigh an Acadaimh, Peadar Ó Riada cén fáth gurb í an amhránaíocht an chéad réimse fócais acu.

“An chúis gur thosnaíomar ansan ná le linn an ama sin inár saol mar náisiún nuair nach raibh ar ár gcumas faic a bheith inár seilbh againn – talamh ná tithe, ar dteanga, ár gceol, ní raibh cead againn úinéireacht a ghlacadh ar aon ní, fiú ár saoil féin – an t-aon slí a bhí againn chun eolas a thabhairt anuas ó ghlúin go glúin ná trí mheán na hamhránaíochta,” a dúirt sé.

“Thug na hamhráin níos sine treoir dúinn ar conas déileáil le rudaí agus conas sinn féin a iompar i gcúinsí éagsúla. Mholadar rudaí áirithe; thugadar amach faoi rudaí eile agus dá bharr sin bhíodar mar sholas treorach agus compás mothúchánach againn. Bhí seal ann nuair nach raibh sagairt againn, agus tráth an ama sin bhíodh na hamhráin seo mar an creideamh againn chomh maith. Sin an fáth gur thosnaíomar leis an dáimh seo mar bhí na hamhráin ar na hiarsmaí deireanacha de ré níos sine ár náisiúin.”

Tá an taighde atá déanta ag an dáimh amhránaíochta tar éis tacaíocht a sholáthar don teagascóireacht i Scéim Aisling Gheal, a thugann ar aghaidh an traidisiún amhránaíochta trí ranganna a soláthar do pháistí sna scoileanna ar fud cheantar Mhúscraí.

“Déanann sé na múinteoirí a mhúineann na ranganna i Scéim Aisling Gheal,” a mhínigh Peadar. “Ní bhíonn ranganna á reáchtáil ag aon cheann de na dámha [de chuid an Acadaimh] i ndáiríre, is éard atá i gceist leo ná taighde agus iarracht a dhéanamh nascadh ar ais isteach i bhfeasacht an phobail atá caillte againn i gcaitheamh na gcéadta.”

Tá an Dáimh Talamhaíochta tar éis tabhairt faoi roinnt mhaith tograí praiticiúla atá dírithe ar feasacht a ghnóthú ar scéalta na talún i bhfad Éireann níos mó ná an méid atá le fáil i leabhair agus ar an idirlíon.

Mar cheann de na tograí sin fásadh páirc arbhair ag baint úsáide as teicnící feirm neamh-mheicnithe agus ag úsáid brónna ansan chun an t-arbhar a mheilt i bplúr chun arán a dhéanamh. Dhírigh ceann eile de na tograí ar an traidisiún a bhí le halcól a dhéanamh a thabhairt anuas ón nglúin níos sine.

“Bailiú feasachta” é príomhfhócas an Acadaimh a mhínigh Peadar, ach ceann de na hábhair imní ag déanamh tinnis don Dáimh Fuinnimh é úsáid na feasachta sin don todhchaí.

Tá modhanna chun dul i ngleic le hathrú aeráide ar cheann de na réimsí taighde ag an dáimh faoi láthair.

Tá an Dáimh Staire, a bhí freagrach as an ócáid chuimhneacháin ag láthair luíocháin Chúl na Cathrach le déanaí, páirteach i dtogra fadtéarmach ag déanamh taighde agus catalógú ar uaigheanna áitiúla stairiúla.

An príomh-réimse fócais atá acu sin go dtí seo ná sean-reilig Ghobnatan i mBaile Mhúirne, togra atáthar ag súil le críochnú faoin samhradh seo. Táthar tosnaithe anois ag catalógú na n-uaigheanna i sciar níos sine na reiligí i mBaile Mhúirne ar bhunachar sonraí, agus tá pleananna ann taighde a dhéanamh ar na reiligí i nDún dá Radharc agus i gCluain Droichid.

Chuir Peadar Ó Riada iallach ar an bpobal dul i mbun teagmhála leis an Dáimh Staire le haon eolas atá acu i dtaca le huaigheanna, go háirithe iad sin i sean-reilig Ghobnatan.

Tá fonn ar an Acadamh chomh maith súil a chaitheamh ar aon saorgáin a bhfuil tábhacht stairiúil áitiúil leo in aon seánra ar leith, agus dúirt sé go mbeadh cóipeanna d’aon ghrianghraif, cáipéisí nó ábhair eile a thugann baill den phobal dóibh á dtabhairt do Choláiste na hOllscoile, Corcaigh le haghaidh cartlannú.

“Aon ábhar cartlainne atá againn tabharfaimid do chartlanna Choláiste na hOllscoile, Corcaigh é – tá comhaontú againn leo agus tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios ag éinne a thugann blúirí ábhar dúinn cá chríochnóidh sé suas.

“Ní theastaíonn uainn críochnú suas le haon rud inár seilbh againn. Is cuid den phobal seo sinn agus táimid ar fáil chomh maith má theastaíonn ó dhaoine ceist a chur orainn dul i mbun taighde ar ábhar ar leith.

“Is féidir le héinne bheith ina mball agus bíonn fáilte i gcónaí roimh bhaill nua,” a dúirt sé.

Tagann na dáimh éagsúla le chéile go seachtainiúil ar an mbonn seo a leanas: Dáimh Talamhaíochta Dé Máirt 9in sa Mhuileann, Baile Mhúirne; Dáimh Amhránaíochta Dé Céadaoin 9.30in sa Mhuileann; Dáimh Staire Déardaoin 8in sa Mhuileann; Dáimh Fuinnimh gach Máirt i dtithe áitiúla.

Eolas: acadamhfodhla.ie

 

Uaigh ‘Ghaedheal na nGaedheal’ marcáilte 

TÁ an Dáimh Staire de chuid Acadamh Fódhla tar éis uaigheanna stairiúla i sean-reilig Ghobnatan i mBaile Mhúirne a mharcáil le leaca cuimhneacháin nua.

I measc uaigheanna na ndaoine le tábhacht cultúrtha a bhaineann leo á gcomóradh sa tionscnamh go dtí seo tá an buachaill bán ó Réidh na nDoirí Amhlaoibh Ó Loingsigh, amhránaí Bhaile Mhic Íre Elizabeth Cronin, agus an file áitiúil George Curtin.

Níos déanaí chuir an tAcadamh leac in airde i gcuimhne ar Phádraig Ó Cruadhlaoich nó  ‘Gaedheal na nGaedheal’.

Bhí searmanas san sean-reilig chun an ócáid a chomóradh, le píosaí fhilíochta á léamh ag Máire Mhic Gearailt agus Betsy Ní Shuibhne, a thug a hathair An Suibhneach Meann an óráid ag sochraid Phádraig Ó Cruadhlaoich.

Ag an Muileann i mBaile Mhuirne a rugadh Pádraig Ó Cruadhlaoich i 1861. Táilliúir ó Chill na Martra a athair, Diarmuid. File ba ea Diarmuid chomh maith agus bhí aithne mhaith aige ar Mháire Bhuí Ní Laoghaire mar ba mhinic a dhéanadh sé obair ina tigh. Máire Ní Loingsigh ó Bhaile Bhuirne máthair Phádraig. Bhí idir Bhéarla agus Ghaeilge sa tigh acu. Ní raibh léamh ná scríobh na Gaeilge aige ar fhágaint na scoile dó.
I dtithe na bhfeirmeoirí timpeall Bhaile Mhuirne is mó a chleachtadh sé ceird an táilliúra ar dtús. Chaith sé tamaill ansan i mbailte agus sráidbhailte Chorcaí go dtí gur shocraigh sé síos i Maigh Chromtha in 1885. Phós sé Nóra Ní Chríodáin in 1887. Rugadh seisear clainne dóibh. D’fhoghlaim sé léamh agus scríobh na teanga as leabhair chumann Buanchoimeádta na Gaeilge agus as leabhair Uí Ghramhnaigh. Thosaigh sé ag scríobh aistí filíochta. Thug an tAthair Peadar Ó Laoghaire misneach dó nuair a mhol sé iad. Iarradh air Óid an Oireachtais a scríobh i 1908 agus i 1909 bhuaigh sé an chéad duais don amhrán ab fhearr. Níor lagaigh air as sin amach ach ag scríobh caointe agus amhrán.

Bhí sé ina Uachtarán ar Dhámhscoil Mhúscraí ó bunaíodh é i 1926. Foilsíodh beagnach 170 dán leis in dhá imleabhar i 1936 agus 1942. ‘Gaedheal na nGaedheal’ an t-ainm cleite a bhí aige. I 1946 d’fhoilsigh An Gúm a dhírbheathaisnéis, Cuimhne sean-leinbh.
Scríobh sé trí amhrán a raibh cáil orthu: ‘Mo Chraoibhín aoibhin álainn ó’, ‘Pósadh Thrant’ agus ‘Céide ghlas Laoi na seol’. D’éag Pádraig ar 15 Márta 1949.

Eolas beathaisnéiseach: www.ainm.ie

 

Comments are closed.

Contact Newsdesk: 021 4272722

More Gaeilge

More by this Journalist